+Airteagal 16 An Liosta Eorpach a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.

Airteagal 16 An Liosta Eorpach a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar Liosta Eorpach na saoráidí athchúrsála long:

(a) 

atá lonnaithe san Aontas agus ar thug na Ballstáit fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14(3);

(b) 

atá lonnaithe i dtríú tír agus atá ar an liosta ar bhonn mheasúnú na faisnéise agus na fianaise tacaíochta a soláthraíodh nó a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 15.

Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 16 2.
Déanfar an Liosta Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016. Déanfar é a roinnt ina dhá fholiosta lena sonrófar saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát agus saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas uile maidir leis an tsaoráid athchúrsála long sa Liosta Eorpach:

(a) 

an modh athchúrsála;

(b) 

cineál agus toisí na long is féidir a athchúrsáil;

(c) 

aon teorainn nó aon choinníollacha a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n-áirítear maidir le bainistiú dramhaíola guaisí; agus

(d) 

mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 7(3) chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas;

(e) 

an t-uas-aschur athchúrsála long bliantúil.

Airteagal 16 3.
Sonróidh an Liosta Eorpach an dáta a rachaidh láithreacht na saoráide athchúrsála long sa liosta in éag. Nuair a chuirfear saoráid athchúrsála long sa liosta, beidh sé sin bailí ar feadh uastréimhse cúig bliana agus beidh an tréimhse sin in-athnuaite.
Airteagal 16 4.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ar bhonn tráthrialta chun an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta:

(a) 

chun saoráid athchúrsála long a chur sa Liosta Eorpach i gcás:

(i) 

inar údaraíodh í a chur sa Liosta i gcomhréir le hAirteagal 14;

(ii) 

ina ndearnadh an cinneadh í a chur sa Liosta Eorpach i gcomhréir le mír 1(b) den Airteagal seo;

(b) 

chun saoráid athchúrsála long a bhaint den Liosta Eorpach i gcás:

(i) 

ina scoireann an tsaoráid athchúrsála long de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13; nó

(ii) 

nach gcuirtear an fhianaise a tugadh cothrom le dáta ar fáil ar a laghad trí mhí roimh dhul in éag don tréimhse cúig bliana a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 16 5.
Agus an Liosta Eorpach á bhunú agus á thabhairt cothrom le dáta aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sna Conarthaí agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.
Airteagal 16 6.
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis go léir a d’fhéadfadh a bheith ábhartha le haghaidh an Liosta Eorpacha a thabhairt cothrom le dáta a chur in iúl don Choimisiún. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.