+Airteagal 30 Athbhreithniú
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.

Airteagal 30 Athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Measúnóidh an Coimisiún cé na sáruithe ar an Rialachán seo ar cheart a chur faoi raon feidhme Treoir 2008/99/CE chun coibhéis a bhaint amach idir na forálacha i ndáil le sáruithe sa Rialachán seo agus iad siúd i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir lena mheasúnú faoi 31 Nollaig 2014 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra le haghaidh reachtaíochta ar aghaidh.
Airteagal 30 2.
Athbhreithneoidh an Coimisiún an Rialachán seo tráth nach déanaí ná 18 mí roimh an dáta a dtiocfaidh Coinbhinsiún Hong Cong i bhfeidhm agus cuirfidh sé ar aghaidh, ag an am céanna, más iomchuí, aon tograí iomchuí le haghaidh reachtaíochta chun na críche sin. San athbhreithniú sin, féachfar an bhféadfaí saoráidí athchúrsála long atá údaraithe ag Coinbhinsiún Hong Cong a chur sa Liosta Eorpach chun dúbailt na hoibre agus ualach an riaracháin a sheachaint.
Airteagal 30 3.
Leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo agus, más iomchuí, déanfaidh sé moltaí tráthúla chun tabhairt faoina mbeidh ag tarlú i ndáil le Coinbhinsiúin idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún Basel, más gá sin.
Airteagal 30 4.
D’ainneoin mhír 2, taobh istigh de chúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo, a mbeidh tograí le haghaidh reachtaíocht ag gabháil léi, más iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh na cuspóirí á mbaint amach agus go mbeidh éifeacht aige mar is ceart agus bonn cirt leis an éifeacht sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.