+Airteagal 32 Cur i bhfeidhm
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.

Airteagal 32 Cur i bhfeidhm

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas ach tráth nach túisce ná an 31 Nollaig 2015:

(a) 

6 mhí tar éis an dáta arb ionann comh-uas-aschur bliantúil athchúrsála long na saoráidí athchúrsála long atá áirithe sa Liosta Eorpach agus 2,5 milliún tonna toillíochta éadroime (LDT) nó ar mó é ná sin. Ríomhtar aschur bhliantúil athchúrsála long de chuid saoráide athchúrsála long mar shuim mheáchan na long á sloinneadh i LDT a athchúrsáladh in aon bhliain ar leith sa tsaoráid sin. Cinntear an t-uas-aschur bliantúil athchúrsála long tríd an luach is airde dá raibh ann sa tréimhse 10 mbliana roimhe sin do gach saoráid athchúrsála long, nó, i gcás saoráide athchúrsála long nua-údaraithe, an luach bliaintúil is airde dá raibh ann sa tsaoráid sin; nó

(b) 

an 31 Nollaig 2018.

Airteagal 32 2.

Maidir leis na forálacha seo a leanas, áfach, beidh feidhm ag na dátaí cur chun feidhme seo a leanas:

(a) 

Airteagal 2, an dara fomhír d’Airteagal 5(2), Airteagail 13, 14, 15, 16, 25 agus 26 ón 31 Nollaig 2014; agus

(b) 

an chéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 5(2), agus Airteagal 12(1) agus (8) ón 31 Nollaig 2020.

Airteagal 32 3.
Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nuair a bheidh na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 comhlíonta.
Airteagal 32 4.
Má tá Ballstát tar éis a clár náisiúnta long a dhúnadh nó, murar cláraíodh aon long faoina bhratach, ar feadh tréimhse trí bliana, agus fad is nach mbeidh aon long cláraithe faoina bhratach, féadfaidh an Ballstát sin maolú ar fhorálacha an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagail 4, 5, 11, 12, 13, 14, 16(6), 18, 19, 20, 21 agus 22. I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát úsáid a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.