|
+Airteagal 43d 1. |
Airteagal 43d 1.I gcás inar ainmníodh trealamh raidió mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an trealaimh raidió sin chun na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo a chumhdach sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó
(b)
i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (EU) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe a chumhdaíonn na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|