+Airteagal 43d
---+Airteagal 43d 1.
---+Airteagal 43d 2.
---+Airteagal 43d 3.
---+Airteagal 43d 4.
---+Airteagal 43d 5.
---+Airteagal 43d 6.
---+Airteagal 43d 7.

Airteagal 43d

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43d 1.

I gcás inar ainmníodh trealamh raidió mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an trealaimh raidió sin chun na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo a chumhdach sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(b) 

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (EU) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe a chumhdaíonn na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 43d 2.
Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun toimhde chomhréireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar tagairtí i leith caighdeáin Eorpacha nó tagairtí i leith caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, murab ann d’aon chaighdeán Eorpach nó aon chaighdeán ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.
Airteagal 43d 3.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(3) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deiridh den tréimhse ina ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura ndéanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a leasú nó a aisghairm i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.
Airteagal 43d 4.
Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha a bhunaítear faoin Treoir seo agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
Airteagal 43d 5.
Gan dochar d’Airteagal 16, toimhdeofar go bhfuil trealamh raidió atá i gcomhréir leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh. Ón lá tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a bheith díghníomhachtaithe, ní bheidh monaróirí ábalta brath a thuilleadh ar an toimhde chomhréireachta dá bhforáiltear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 43d 6.
De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an trealamh raidió a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar an trealamh raidió atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 tar éis do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo a dhul in éag nó a aisghairm agus tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhul in éag nó a dhíghníomhachtú.
Airteagal 43d 7.
Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, más iomchuí, an gníomh cur chun feidhme ina liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0053
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.