|
+Airteagal 5 Tuairisciú deonach ---+Article 5 1. ---+Article 5 2. ---+Article 5 3. ---+Article 5 4. ---+Article 5 5. ---+Article 5 6. ---+Article 5 7. ---+Article 5 8. |
Airteagal 5 Tuairisciú deonachAirteagal 5 Tuairisciú deonach 1. Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú: (a) sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad; (b) aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír do shábháilteacht na heitlíochta nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta. 2. Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú: (a) sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad; (b) aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta. Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí de bhun mhír 6, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin. 3. Bunóidh an Ghníomhaireacht córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú: (a) sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad; (b) aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ach ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta. Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 5, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin. 4. Bainfear úsáid as na córais tuairiscithe dheonaigh chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe agus na faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a éascú, ar tharluithe agus faisnéis iad a bhfuil na nithe seo a leanas fíor fúthu: (a) nach bhfuil sé éigeantach iad a thuairisciú de bhun Airteagal 4(1); (b) go bhfuil siad a thuairisciú ag daoine nach bhfuil liostaithe in Airteagal 4(6). 5. Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil don Ghníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta. 6. Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach bhfuil deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, arna ainmniú de bhun Airteagal 6(3), sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh ar aon eagraíocht atá bunaithe ina gcríoch sonraí na dtarluithe uile arna mbailiú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú. 7. Féadfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí córais eile a bhunú maidir le bailiú agus próiseáil faisnéise sábháilteachta chun sonraí a bhailiú maidir le tarluithe a d'fhéadfadh sé nach ngabhfadh na córais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 4 agus i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo iad. D'fhéadfadh tuairisciú d'eintitis seachas na heintitis sin a leagtar amach in Airteagal 6(3) a bheith ar áireamh sna córais sin agus d'fhéadfadh rannpháirtíocht ghníomhach an méid seo a leanas a bheith ag baint leo: (a) an tionscal eitlíochta; (b) eagraíochtaí gairmiúla na bhfoirne eitlíochta. 8. Féadfar an fhaisnéis a fhaightear ó thuairisciú deonach agus éigeantach a chomhtháthú i gcóras aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|