|
+Airteagal 9 Malartú faisnéise ---+Article 9 1. ---+Article 9 2. ---+Article 9 3. |
Airteagal 9 Malartú faisnéiseAirteagal 9 Malartú faisnéise 1. Glacfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht páirt i malartú faisnéise tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht a stóráiltear ina mbunachair shonraí féin a chur ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tríd an Stór Lárnach Eorpach. Aistreofar tuarascálacha ar tharluithe chuig an Stór Lárnach Eorpach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis iad a chur isteach sa bhunachar sonraí náisiúnta. Tabharfar tuarascálacha ar tharluithe cothrom le dáta le faisnéis bhreise a bhaineann le sábháilteacht nuair is gá sin. 2. Aistreoidh na Ballstáit faisnéis a bhaineann le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha chuig an Stór Lárnach Eorpach freisin mar a leanas: (a) le linn don imscrúdú ina dtaobh a bheith ar siúl, an réamhfhaisnéis fhíorasach maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha; (b) agus an t-imscrúdú curtha i gcrích: (i) tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe; agus (ii) tráth a mbeidh sí ar fáil, achoimre as Béarla ar thuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe. 3. Cuirfidh Ballstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le sábháilteacht ar aghaidh chuig údarás ábhartha an Bhallstáit nó chuig an nGníomhaireacht a luaithe is féidir, más rud é, agus sonraí maidir le tarluithe á mbailiú, nó agus tuarascálacha ar tharluithe á stóráil nó anailís á déanamh i gcomhréir le hAirteagal 13(6), go sainaithníonn sé nó sí cúrsaí sábháilteachta a mheasann sé nó sí: (a) a bheith ina n-ábhar spéise ag Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht; nó (b) go bhféadfadh go gcaithfeadh na Ballstáit eile nó an Ghníomhaireacht beart sábháilteachta a dhéanamh ina leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|