|
+IARSCRÍBHINN VII MODH TOMHAIS CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR CHOMHLÍONADH NA BHFORÁLACHA BREISE MAIDIR LE HASTAÍOCHT FUAIME |
IARSCRÍBHINN VII MODH TOMHAIS CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR CHOMHLÍONADH NA BHFORÁLACHA BREISE MAIDIR LE HASTAÍOCHT FUAIMEIARSCRÍBHINN VII MODH TOMHAIS CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR CHOMHLÍONADH NA BHFORÁLACHA BREISE MAIDIR LE HASTAÍOCHT FUAIME 1. GINEARÁLTA Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar mhodh tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an fheithicil na forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) atá leagtha amach in Airteagal 7. Níl sé éigeantach tástálacha iarbhír a dhéanamh agus iarratas á dhéanamh ar chineálcheadú AE. Síneoidh an monaróir an dearbhú comhlíontachta atá leagtha amach san Fhoscríbhinn. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe faisnéis bhreise a iarraidh faoin dearbhú comhlíontachta agus féadfaidh sé na tástálacha a ndéantar cur síos orthu thíos a dhéanamh. Tá gá le tástáil a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn II don nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Déanfar an tástáil atá sonraithe in Iarscríbhinn II ar an raon tástála céanna faoi choinníollacha ar nós na gcoinníollacha a éilítear sna tástálacha a fhorordaítear san Iarscríbhinn seo. 2. MODH TOMHAIS 2.1 Uirlisí tomhais agus coinníollacha tomhais Ach amháin má shonraítear a mhalairt, is ionann na huirlisí tomhais, na coinníollacha tomhais agus riocht na feithicle agus iad sin a shonraítear i bpointe 2 agus i bpointe 3 d'Iarscríbhinn II. Má tá aon mhodh éagsúil ar an bhfeithicil a dhéanfaidh difear d'astaíocht fuaime, comhlíonfaidh na modhanna ar fad na ceanglais atá san Iarscríbhinn seo. I gcás ina rinne an monaróir tástálacha chun a chruthú d'údarás an cheadaithe go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh aige, tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáideadh sna tástálacha sin i dtuarascáil ar an tástáil. 2.2. Modh tástála Ach amháin má shonraítear a mhalairt, úsáidfear na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá i bpointí 4.1 go 4.1.2.1.2.2. d'Iarscríbhinn II. Chun críche na hIarscríbhinne seo, déanfar tástálacha aonair a thomhas agus a mheas. 2.3. Raon rialaithe Is iad seo a leanas na coinníollacha oibríochta:
nBB ≤ 0,9 * s, cibé acu is ísle Luas na feithicle VAA ASEP:
Mura n-éiríonn leis an bhfeithicil, sa ghiar is lú atá bailí, an luas uasta innill a bhaint amach faoi 70 km/u, is é 80 km/u luasteorainn na feithicle. 2.4. Cóimheasa giaranna Beidh feidhm ag na ceanglais ASEP maidir le gach cóimheas giair K a bhfuil torthaí tástála laistigh den raon rialaithe mar atá sainmhínithe i bpointe 2.3 den Iarscríbhinn seo mar thoradh air. I gcás feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus CVTanna a dhéantar a thástáil le cóimheasa giaranna neamhghlasáilte, féadfaidh athrú ar chóimheas giair chuig raon níos ísle agus luasghéarú níos airde a bheith san áireamh sa tástáil. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Déanfar athrú giair arb é is cúis le dála nach bhfuil i gcomhréir leis na coinníollacha teorann a sheachaint. I gcás den sórt sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha. Chun go mbeidh tástáil ASEP ionadaitheach agus in-athdhéanta (dar leis an údarás ceadaithe), déanfar na feithiclí seo a thástáil ag baint úsáid as táirgeadh calabraithe giarbhosca. 2.5. Sprioc-choinníollacha Déanfar an astaíocht fuaime a thomhas i ngach cóimheas giair atá bailí ag na ceithre phointe tástála mar atá sonraithe thíos. Sainítear an chéad phointe tástála P1 trí luas iontrála vAA de 20 km/u a úsáid. Mura féidir an luasghéarú a choinneáil cobhsaí, méadófar an luas i gcéimeanna 5 km/u go dtí go mbainfear luasghéarú cobhsaí amach. Sainítear an ceathrú phointe tástála P4 le luas uasta feithicle ag BB' sa chóimheas giair sin laistigh de na coinníollacha teorann de réir phointe 2.3. Déantar an dá phointe tástála eile a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas: Pointe Tástála Pj: vBB_j = vBB_1 + ((j – 1)/3) * (vBB_4 – vBB_1) i gcás j = 2 agus 3 Nuair:
Lamháltas le haghaidh vBB_j: ±3 km/u I gcás gach pointe tástála, comhlíonfar na coinníollacha teorann mar atá sonraithe i bpointe 2.3. 2.6. Tástáil na feithicle Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh dlúth agus is féidir le linn na tástála ar fad, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Ag líne AA' beidh an luasaire brúite síos go hiomlán. Chun luasghéarú níos cobhsaí a bhaint amach nó chun athrú síos giair a sheachaint idir líne AA' agus BB', féadfar réamh-luasghéarú a úsáid roimh líne AA'. Coinneofar an luasaire brúite síos go sroichfidh cúl na feithicle líne BB'. I gcás gach tástála ar leith, déanfar na paraiméadair seo a leanas a chinneadh agus a nótáil: Déanfar an leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” don dá thaobh den fheithicil, arna léiriú gach uair a ghluaiseann an fheithicil idir an dá líne AA' agus BB', déanfar é a shlánú go dtí an chéad ionad deachúil (Lwot,kj). Má bhraitear buaic san fhuaim nach bhfuil ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, caithfear amach an tomhais. Féadfar an taobh clé agus an taobh deas a thomhas le chéile nó ar leithligh. Tabharfar tuairisc ar léamha luais na feithicle ag AA' agus ag BB' go dtí an chéad fhigiúr suntasach tar éis an ionaid dheachúil. (vAA,kj; vBB,kj). Más infheidhme, tabharfar tuairisc ar léamha luais an innill ag AA' agus ag BB' mar luach iomlán slánuimhreach (nAA,kj; nBB,kj). Cinnfear an luasghéarú ríomha i gcomhréir leis an bhfoirmle i bpointe 4.1.2.1.2 d'Iarscríbhinn II go dtí an dara figiúr tar éis an ionaid dheachúil (awot,test,kj). 3. ANAILÍS AR NA TORTHAÍ 3.1. An pointe seasta do gach cóimheas giair a chinneadh I gcás tomhas i ngiar “i” agus níos ísle, is ionann an pointe seasta agus an leibhéal uasta fuaime Lwoti, an luas innill tuairiscithe nwoti agus luas na feithicle vwoti ag BB' den chóimheas giair “i” den tástáil luasghéaraithe in Iarscríbhinn II.
I gcás tomhas i ngiar i+1, is ionann an pointe seasta agus an leibhéal uasta fuaime Lwoti+1, an luas innill tuairiscithe nwoti+1 agus luas na feithicle vwoti+1 ag BB' den chóimheas giair i+1 den tástáil luasghéaraithe in Iarscríbhinn II.
3.2. Fána na líne cúlchéimnithe do gach giar Déanfar na tomhais fuaime a mheas mar fheidhm de luas an innill i gcomhréir le pointe 3.2.1. 3.2.1. Fána na líne cúlchéimnithe a ríomh do gach giar Ríomhtar an líne chúlchéimnithe líneach tríd an bpointe seasta agus na ceithre thomhas bhreise chomhghaolaithe a úsáid.
(in dB/1000 nóim-1)Agus
agus
nuair nj = luas an innill arna thomhas ag líne BB' 3.2.2. Fána na líne cúlchéimnithe do gach giar Is é Fának giair ar leith le haghaidh tuilleadh ríomha, toradh díorthaithe an ríomha i bpointe 3.2.1. arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil, nach bhfuil níos airde ná 5 dB/1000 min-1. 3.3. An méadú líneach ar an leibhéal fuaime a bhfuiltear ag súil leis do gach tomhas Ríomhfar an leibhéal fuaime LASEP,kj do phointe tomhais j agus giar k ag úsáid na luasanna innill arna dtomhas do gach pointe tomhais, ag úsáid na fána atá sonraithe i bpointe 3.2. don phointe seasta sonrach do gach cóimheas giair. Do nBB_k,j ≤ nanchor,k: LASEP_k,j = Lanchor_k + (Fának – Y) * (nBB_k,j – nanchor,k)/1000 Do nBB_k,j ≤ nanchor,k: LASEP_k,j = Lanchor_k + (Fának – Y) * (nBB_k,j – nanchor,k)/1000 Nuair Y = 1 3.4. Samplaí Ar iarratas ón údarás ceadaithe, déanfar dhá thástáil sa bhreis faoi na coinníollacha teorann i gcomhréir le pointe 2.3. 4. TORTHAÍ A LÉIRMHÍNIÚ Déanfar meastóireacht ar gach tomhas torainn ar leith. Ní sháróidh leibhéal fuaime gach pointe tomhais atá sonraithe na teorainneacha thíos: Lkj ≤ LASEP_k.j + x Agus:
Má sháraíonn an leibhéal fuaime tomhaiste ag pointe áirithe an teorainn, déanfar dhá thomhais bhreise eile ag an bpointe céanna chun an neamhchinnteacht sa tomhas a fhíorú. Comhlíonann an fheithicil ASEP i gcónaí, má chomhlíonann meán na dtrí thomhas bhailí ag an bpointe sonrach sin an tsonraíocht. 5. MEASÚNÚ AR AN BHFUAIM TAGARTHA Déantar an fhuaim tagartha a mheas ag pointe aonair i ngiar scoite amháin agus an luasghéarú a ionsamhlú i dtús báire le luas iontrála ag vaa ionann le 50 km/u agus luas ar an mbealach amach ag vbb ionann le 61 km/u. Is féidir an comhlíonadh fuaime ag an bpointe sin a ríomh trí thorthaí phointe 3.2.2. a úsáid agus an tsonraíocht thíos, nó is féidir é a mheas trí thomhas díreach a dhéanamh ag baint úsáide as an ngiar mar atá sonraithe thíos.
6. ASEP A MHEAS TRÍD AN BPRIONSABAL Lurban A ÚSÁID 6.1 Ginearálta Rogha mhalartach is ea an nós imeachta meastóireachta, arna roghnú ag an monaróir, ar an nós imeachta a ndéantar cur síos air i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo agus tá sé infheidhme maidir le gach teicneolaíocht feithicle. Is faoin monaróir atá sé an bealach ceart don tástáil a chinneadh. Ach amháin má shonraítear a mhalairt, déanfar an tástáil agus an ríomh ar fad mar atá sonraithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. 6.2. An Lurban ASEP a ríomh Ó aon Lwot ASEP arna thomhas i gcomhréir leis an Iarscríbhinne seo, ríomhfar Lurban ASEP mar seo a leanas:
(a)
awot test ASEP a ríomh mar a shonraítear i bpointe 4.1.2.1.2.1. nó i bpointe 4.1.2.1.2.2. d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is infheidhme;
(b)
luas na feithicle (VBB ASEP) a ríomh ag BB le linn na tástála Lwot ASEP;
(c)
déan kP ASEP a ríomh mar seo a leanas: kP ASEP = 1 – (aurban/awot test ASEP) caithfear amach torthaí tástála i gcás ina bhfuil awot test ASEP níos lú ná aurban.
(d)
déan Lurban measured ASEP a ríomh mar seo a leanas: Lurban measured ASEP = Lwot ASEP – kP ASEP * (Lwot ASEP – Lcrs) Chun tuilleadh ríomha a dhéanamh, bain úsáid as an Lurban ó Iarscríbhinn II gan slánú a dhéanamh, lena n-áirítear an figiúr tar éis an ionaid dheachúil (xx.x).
(e)
déan Lurban normalized a ríomh mar seo a leanas: Lurban normalized = Lurban measured ASEP – Lurban
(f)
déan Lurban ASEP a ríomh mar seo a leanas: Lurban measured ASEP = Lurban normalized – (0,15 * (VBB ASEP — 50))
(g)
teorainneacha na leibhéal fuaime a chomhlíonadh: Beidh Lurban ASEP níos lú ná nó cothrom le 3,0 dB. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|