3. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn dóibh gníomhaíocht atá bainteach le torann a dhéanamh, go ndéanfar measúnú ar na bearta seo a leanas atá ar fáil cheana, d’fhonn an beart nó an meascán is cost-éifeachtúla de bhearta a chinneadh:
|
(a)
|
an éifeacht laghdaithe intuartha a bheadh ar thorann aerárthaí ag an bhfoinse;
|
|
(b)
|
pleanáil agus bainistiú na talamhúsáide;
|
|
(c)
|
nósanna imeachta oibríochtúla chun torann a laghdú;
|
|
(d)
|
gan srianta oibriúcháin a chur i bhfeidhm mar chéad chéim agus gan iad a úsáid ach amháin tar éis féachaint ar dtús ar gach beart eile faoin gCur Chuige Cothrom.
|
D’fhéadfaí a áireamh sna bearta atá ar fáil, más gá, aerárthaí lag-chomhlíontacha a tharraingt siar, más gá sin. Féadfaidh na Ballstáit, nó comhlachtaí bainistithe aerfort, de réir mar is iomchuí, dreasachtaí eacnamaíocha a chur ar fáil chun oibreoirí aerárthaí a spreagadh leas a bhaint as aerárthaí ar lú an torann a thagann astu, le linn na hidirthréimhse a luaitear i bpointe (4) d’Airteagal 2. Beidh na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair á gcomhlíonadh ag na dreasachtaí sin.