4. I gcás ina mbainfidh an srian oibriúcháin le haerárthaí lag-chomhlíontacha a bheith á dtarraingt siar as aerfort, ní cheadófar aon ghluaiseacht bhreise thar líon ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontacha do thréimhse chomhfhreagrach na bliana roimhe sin, san aerfort sin sé mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na húdaráis inniúla an ráta bliantúil laghdaithe ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontacha de chuid na n-oibreoirí lena mbaineann ag an aerfort sin, agus aois na n-aerárthaí agus comhdhéanamh an aerloingis iomláin á gcur san áireamh go cuí. Gan dochar d’Airteagal 5(4), ní bheidh an ráta sin níos airde ná 25 % de líon ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontach do gach oibreoir sin a fhónann don aerfort sin.