|
+Airteagal 2 Raon Feidhme ---+Article 2 1. ---+Article 2 2. |
Airteagal 2 Raon FeidhmeAirteagal 2 Raon Feidhme 1. Baineann an Rialachán seo leis na speicis choimhthíocha ionracha uile. 2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas: (a) speicis a dtagann athrú ar a raon nádúrtha gan idirghabháil ón duine, mar fhreagairt ar dhálaí athraitheacha éiceolaíocha agus athrú aeráide; (b) orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE; (c) pataigíní is cúis le galair ainmhithe; chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn galar ainmhithe tarlú galruithe agus inmhíolaithe in ainmhithe, a bhíonn mar thoradh ar phaitigín amháin nó níos mó is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine; (d) lotnaidí plandaí a liostaítear de bhun Airteagal 5(2) nó Airteagal 32(3) nó atá faoi réir beart de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ); (e) speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 nuair a úsáidtear iad sa dobharshaothrú; (f) micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó (g) micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 528/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|