+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon Feidhme
------+Article 2 1.
------+Article 2 2.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas
------+Article 4 1.
------+Article 4 2.
------+Article 4 3.
------+Article 4 4.
------+Article 4 5.
------+Article 4 6.
------+Article 4 7.
---+Airteagal 5 Measúnú riosca
------+Article 5 1.
------+Article 5 2.
------+Article 5 3.
---+Airteagal 6 Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí
------+Article 6 1.
------+Article 6 2.
------+Article 6 3.
------+Article 6 4.
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1 Ábhar Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha chun an drochthionchar atá ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, d’aonghnó agus go neamhbheartaithe araon, ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú.
|
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
|
Airteagal 2 Raon Feidhme 1. Baineann an Rialachán seo leis na speicis choimhthíocha ionracha uile. 2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) speicis a dtagann athrú ar a raon nádúrtha gan idirghabháil ón duine, mar fhreagairt ar dhálaí athraitheacha éiceolaíocha agus athrú aeráide;
(b) orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE;
(c) pataigíní is cúis le galair ainmhithe; chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn galar ainmhithe tarlú galruithe agus inmhíolaithe in ainmhithe, a bhíonn mar thoradh ar phaitigín amháin nó níos mó is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine;
▼M1
(d) lotnaidí plandaí a liostaítear de bhun Airteagal 5(2) nó Airteagal 32(3) nó atá faoi réir beart de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
▼B
(e) speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 nuair a úsáidtear iad sa dobharshaothrú;
(f) micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó
(g) micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 528/2012.
|
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
|
Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch” aon eiseamal beo de speiceas, fospeiceas nó tacsón is ísle ainmhithe, plandaí, fungas nó micrea-orgánach a tugadh isteach lasmuigh dá réimse nádúrtha; áirítear ann aon chuid, aon ghaiméirí, aon síolta, aon uibheacha nó aon iomadúlaithe den speiceas sin, mar aon le haon hibridí, aon chineálacha nó aon phórtha a d’fhéadfadh fanacht beo agus atáirgeadh ina dhiaidh sin;
(2) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach” speiceas coimhthíoch a bhfacthas go gcuirtear an bhithéagsúlacht agus na seirbhísí gaolmhara éiceachórais i mbaol má thugtar isteach é nó má leatar é nó go bhfuil drochthionchar aige ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais sin;
(3) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas” speiceas coimhthíoch ionrach a meastar go n-éilíonn a dhrochthionchar gníomhaíocht chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 4(3);
(4) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní do Bhallstát” speiceas coimhthíoch ionrach seachas speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas, a mheasann Ballstát, ar bhonn fianaise eolaíche, gur suntasach dá chríoch nó do chuid di, an drochthionchar a d’imreofaí uirthi dá scaoilfí agus dá leathfaí é, agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit sin, fiú mura bhfuil an éifeacht sin fionnta go hiomlán;
(5) ciallaíonn “bithéagsúlacht” athraitheacht i measc orgánaigh beo ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad; áirítear éagsúlacht i measc speiceas, idir speicis agus éiceachórais leis sin;
(6) ciallaíonn “seirbhísí éiceachórais” a mhéid a chuireann éiceachórais go díreach agus go hindíreach le folláine an duine;
(7) ciallaíonn “tabhairt isteach” gluaiseacht speicis lasmuigh dá réimse nádúrtha, mar thoradh ar idirghabháil an duine;
(8) ciallaíonn “taighde” obair thuairiscithe nó thurgnamhach, a dhéantar faoi dhálaí rialaithe chun faisnéis eolaíoch nua a fháil nó chun táirgí nua a fhorbairt, lena n-áirítear na chéad chéimeanna i ndáil le gnéithe géiniteacha speiceas coimhthíoch ionrach a shainaithint, a thréithriú agus a leithlisiú, cé is moite de na gnéithe sin lena dtugtar cumas ionraidh do speiceas, sa mhéid is gá chun pórú na ngnéithe sin isteach i speicis neamhionracha a chumasú, agus a mhéid sin amháin;
(9) ciallaíonn “faoi choimeád imshrianta” orgánach a choimeád i saoráidí iata nach féidir éalú astu ná leathadh uathu;
(10) ciallaíonn “caomhnú ex situ” comhpháirteanna d'éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha;
(11) ciallaíonn “conairí” bealaí agus sásraí maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach;
(12) ciallaíonn “luathbhrath” láithreacht eiseamal nó eiseamail speicis choimhthígh ionraigh a dhearbhú sa timpeallacht sula leathann sé;
(13) ciallaíonn “díothú” fáil réidh le líon de speiceas coimhthíoch ionrach ina iomláine agus ar bhonn buan trí mheáin mharfacha nó neamh-mharfacha;
(14) ciallaíonn “an líon a rialú” aon ghníomaíocht mharfach nó neamh-mharfach a chuirtear i bhfeidhm ar líon speicis choimhthígh ionraigh, agus an tionchar ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga a íoslaghdú ag an am céanna, agus é mar aidhm leo líon na n-aonán a choimeád chomh íseal agus is féidir ionas go maolófar a chumas ionraidh agus an drochthionchar atá aige ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar, fiú murar féidir na speicis a dhíothú;
(15) ciallaíonn “imshrianadh” aon ghníomhaíocht lena ndírítear ar bhacainní a chruthú lena maolófar an riosca go scaipfidh agus go leathfaidh líon speicis choimhthígh ionraigh lasmuigh den limistéar ionraithe;
(16) ciallaíonn “leata go fairsing” speiceas coimhthíoch ionrach a bhfuil a líon imithe níos faide ná céim an nádúraithe, céim ag a bhfuil líon féinchothaitheach, agus go bhfuil sé leata chun cuid mhór den raon ionchasach inar féidir leis maireachtáil agus atáirgeadh a choilíniú;
(17) ciallaíonn “bainistiú” aon ghníomhaíocht mharfach nó neamh-mharfach atá dírithe ar líon speicis choimhthígh ionraigh a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, agus an éifeacht ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus ar a ngnáthóga á híoslaghdú ag an am céanna freisin.
|
|
Airteagal 4 Liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas
|
Airteagal 4 Liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas 1. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas (“liosta an Aontais”) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfear na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) faoin 2 Eanáir 2016. 2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar liosta an Aontais gach sé bliana ar a laghad agus, idir an dá linn, déanfaidh sé an liosta nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 tríd an méid seo a leanas:
(a) speicis choimhthíocha ionracha nua a chur leis an liosta;
(b) speicis atá liostaithe a bhaint mura gcomhlíonann siad a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar síos i mír 3.
3. Ní áireofar speicis choimhthíocha ionracha ar liosta an Aontais ach amháin má chomhlíonann siad na critéir seo ar fad a leanas:
(a) fionntar go bhfuil siad, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, ionrach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí;
(b) fionntar go bhfuil siad, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, in ann líon inmharthana a bhunú agus leathadh sa timpeallacht faoi na dálaí athraithe aeráide atá ann faoi láthair agus is dócha a bheidh ann i réigiún bithgheografach amháin a roinntear idir dhá Bhallstát nó níos mó nó i bhforéigiún muirí amháin cé is moite de na réigiúin is forimeallaí a bhaineann leo;
(c) bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, is dóigh go mbeidh drochthionchair shuntasacha acu ar an mbithéagsúlacht nó ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus féadfaidh siad drochthionchar a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar freisin;
(d) léirítear leis an measúnú riosca a dhéantar de bhun Airteagal 5(1) go bhfuil gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais de dhíth chun cosc a chur lena dtabhairt isteach, lena mbunú nó lena leathadh;
(e) is dóigh go ndéanfar drochthionchair na speiceas a chosc, a íoslaghdú nó a mhaolú go héifeachtach má chuirtear ar liosta an Aontais iad.
4. Féadfaidh na Ballstáit iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le speicis choimhthíocha ionracha a chur ar liosta an Aontais. Áireofar sna hiarrataí sin an méid seo a leanas ar fad:
(b) measúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 5(1);
(c) fianaise go gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.
5. Déanfar le liosta an Aontais tagairt, i gcás inarb ábhartha, do na hearraí lena mbaineann na speicis choimhthíocha ionracha i gcoitinne agus dá gcóid Ainmníochta Comhcheangailte dá bhforáiltear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (
2
) ón gComhairle, lena léirítear catagóirí na n-earraí a bheidh faoi réir rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 15 den Rialachán seo. 6. Agus liosta an Aontais á ghlacadh nó á thabhairt chun dáta aige, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm agus an aird chuí á tabhairt ar an gcostas cur chun feidhme a bheidh i gceist do na Ballstáit, ar an gcostas a bhainfidh le neamhghníomhaíocht, ar chostéifeachtacht agus ar na gnéithe socheacnamaíocha. Tabharfar tús áite ar liosta an Aontais do na speicis choimhthíocha ionracha seo a leanas:
(a) na cinn nach bhfuil fós san Aontas nó atá ag céim luath den ionradh agus arb iad is dóichí a bheidh drochthionchair shuntasacha acu;
(b) na cinn atá bunaithe san Aontas cheana agus a bhfuil na drochthionchair is suntasaí acu.
7. Agus liosta an Aontais á mholadh aige, déanfaidh an Coimisiún bonn cirt a thabhairt lena rá gur fearr a bhainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach le bearta ar leibhéal an Aontais.
|
|
Airteagal 5 Measúnú riosca
|
Airteagal 5 Measúnú riosca 1. Chun críocha Airteagal 4, déanfar measúnú riosca i ndáil le réimse na speiceas coimhthíoch ionrach atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann, ag féachaint do na gnéithe seo a leanas:
(a) tuairisc ar an speiceas agus a aitheantas tacsanomaíoch, a stair, agus a raon nádúrtha agus ionchasach;
(b) tuairisc ar a phatrúin agus a dhinimicí atáirgthe agus leata, lena n-áirítear measúnú an ann do na dálaí comhshaoil is gá dá atáirgeadh agus dá leathadh;
(c) tuairisc ar chonairí ionchasacha teachta isteach agus leata an speicis, idir beartaithe agus neamhbheartaithe, an speicis, lena n-áirítear, nuair is ábhartha, na tráchtearraí lena mbaineann an speiceas go ginearálta;
(d) measúnú críochnaitheach ar an riosca maidir le tabhairt isteach, bunú agus leathadh sna réigiúin ábhartha bhithgheografacha faoi na dálaí reatha agus faoi dhálaí athraithe aeráide atá intuartha;
(e) tuairisc ar dháileadh reatha an speicis, lena n-áirítear tuairisc á rá ar cibé an bhfuil láithreacht cheana ag an speiceas san Aontas nó i dtíortha comharsanachta, agus réamh-mheastachán maidir leis an dáileadh is dóchúil a bheidh aige sa todhchaí;
(f) tuairisc ar an drochthionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, lena n-áirítear ar speicis dúchasacha, láithreacha cosanta, gnáthóga i mbaol, agus ar shláinte an duine, ar an tsábháilteacht, agus ar an ngeilleagar lena n-áirítear measúnú ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag féachaint don fhaisnéis eolaíoch atá ar fáil;
(g) measúnú ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le damáiste;
(h) tuairisc ar na húsáidí a bhfuiltear ar an eolas fúthu maidir leis an speiceas agus ar na sochair shóisialta agus eacnamaíocha a thig as na húsáidí sin.
2. Le linn dó a mholadh go gcuirfí speicis ar an liosta mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 1. Aon uair a iarrann Ballstát go gcuirfí speiceas ar liosta an Aontais, beidh an Ballstát sin freagrach as an measúnú riosca a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún cabhrú leis na Ballstáit agus measúnuithe riosca den sórt sin á bhforbairt acu a mhéid agus a bhaineann na measúnuithe sin lena ngné Eorpach. 3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun an cineál fianaise atá inghlactha chun críocha phointe (b) d’Airteagal 4(3) a shonrú tuilleadh agus chun tuairisc mhionsonraithe a sholáthar ar chur i bhfeidhm phointí (a) go (h) de mhír 1 den Airteagal seo. Áireofar sa tuairisc mhionsonraithe sin an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm sna measúnaithe riosca, agus caighdeáin ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh agus an gá atá le tús áite a thabhairt don ghníomhaíocht i gcoinne speiceas coimhthíoch ionrach a bhaineann le drochthionchar suntasach ar an mbithéagsúlacht nó ar sheirbhísí gaolmhara an éiceachórais, nó arbh fhéidir leo drochthionchar a chur faoi deara, mar aon le drochthionchar ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar agus é á mheas mar imthosc géaraitheach. Tá sé an-tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún leis an ngnáthchleachtas atá aige agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.
|
|
Airteagal 6 Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí
|
Airteagal 6 Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí 1. Ní bheidh na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas faoi réir Airteagal 7, ná Airteagal 13 go 20 sna réigiúin is forimeallaí. 2. Faoin 2 Eanáir 2017, glacfaidh gach Ballstát a mbaineann réigiúin is forimeallaí leis, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní, do gach ceann de na réigiúin sin, i gcomhairle leis na réigiúin sin. 3. I gcás na speiceas coimhthíoch ionrach a áirítear ar na liostaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, sna réigiúin is forimeallaí faoi seach, na bearta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagail 7 go 9, 13 go 17, 19 agus 20, de réir mar is iomchuí. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus tabharfar fógra chuig an gCoimisiún ar an eolas fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais. 4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach maidir leis na liostaí dá dtagraítear i mír 2 agus faoi aon nuashonrú a dhéanfar ar na liostaí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.12.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1143
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|