|
+Airteagal 25 Córas tacaíochta faisnéise ---+Article 25 1. ---+Article 25 2. ---+Article 25 3. |
Airteagal 25 Córas tacaíochta faisnéiseAirteagal 25 Córas tacaíochta faisnéise 1. Bunóidh an Coimisiún de réir a chéile córas tacaíochta faisnéise is gá chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú. 2. Faoin 2 Eanáir 2016 áireofar sa chóras sin sásra tacaíochta sonraí a idirnascfaidh na córais sonraí atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha ionracha, agus tabharfar aird ar leith ar fhaisnéis ar na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas chun an tuairisciú de bhun Airteagal 24 a éascú. An sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear sa chéad fomhír, tiocfaidh sé chun bheith ina uirlís a chuideoidh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na fógraí ábhartha a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) a láimhseáil. 3. Faoin 2 Eanáir 2019, tiocfaidh an sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear i mír 2 chun bheith ina shásra chun faisnéis maidir le gnéithe eile den Rialachán seo a mhalartú. Féadfaidh sé freisin go n-áireofar faisnéis ann i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát, agus i ndáil le conairí, le measúnú riosca agus le bearta bainistíochta agus le bearta um dhíothú, nuair a bhíonn sí ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|