|
+Airteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála ---+Article 31 1. ---+Article 31 2. ---+Article 31 3. ---+Article 31 4. |
Airteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtálaAirteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála 1. De mhaolú ar phointí (b) agus (d) d’Airteagal 7(1), úinéirí na n-ainmhithe coimhdeachta nach mbíonn á gcoimeád chun críocha tráchtála agus a bhaineann leis na speicis coimhthíocha ionracha atá ar liosta an Aontais, ba cheart go gceadófaí dóibh iad a choimeád go dtí deireadh shaol nádúrtha na n-ainmhithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: (a) gur coimeádadh na hainmhithe roimh iad a chur ar liosta an Aontais; (b) go gcoimeádtar na hainmhithe faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta. 2. Glacfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta chun úinéirí neamhthráchtála a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis na hainmhithe dá dtagraítear i mír 1 a choimeád agus faoi na bearta a bheidh le déanamh chun riosca an atáirgthe agus an éalaithe a íoslaghdú trí bhíthin clár oideachais agus clár um ardú feasachta a eagróidh na Ballstáit. 3. Maidir le húinéirí neamhthráchtála nach féidir leo a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, ní bheidh cead acu na hainmhithe lena mbaineann a choimeád. Féadfaidh na Ballstáit deis a thabhairt dóibh go dtógfaí a n-ainmhithe uathu. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, tabharfar aird chuí ar leas na n-ainmhithe. 4. Féadfaidh na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 na hainmhithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a choimeád nó féadfar iad a choimeád i saoráidí arna mbunú ag Ballstáit chun na críche sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|