+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 1a.
---+Airteagal 2 1b.
---+Airteagal 2 1c.
---+Airteagal 2 2.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 agus os a chionn i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear chun lastas nó paisinéirí a iompar, chun críoch tráchtála, ó chalafort cuarda deireanach long den sórt sin go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.
Airteagal 2 1a.
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le longa lastais ginearálta atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun olltonnáiste 400 i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear chun lastas a iompar, chun críoch tráchtála, óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir le longa amach ón gcósta atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.
Airteagal 2 1b.
Ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa amach ón gcósta ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 tona agus os a chionn i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.
Airteagal 2 1c.

Is iad seo a leanas na gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo:

(a) 

dé-ocsaíd charbóin (CO2)

(b) 

maidir le hastaíochtaí a scaoiltear ó 2024 ar aghaidh, meatán (CH4); agus

(c) 

maidir le hastaíochtaí a scaoiltear ó 2024 ar aghaidh, ocsaíd nítriúil (N2O).

I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo d’iomlán comhiomlánaithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa nó d’iomlán comhiomlánaithe na ngás ceaptha teasa a astaítear, tuigfear go dtagraíonn sé do mhéideanna comhiomlánaithe iomlána gach gáis ar leithligh.

Airteagal 2 2.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa rialtais a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.