+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 1a.
------+Airteagal 2 1b.
------+Airteagal 2 1c.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu, chun laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtúil.

Airteagal 2 Raon feidhme
Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M2

(a) 

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa” na gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 2(1c), an chéad fhomhír, a bheith á scaoileadh ag longa;

(b) 

ciallaíonn calafort cuarda calafort cuarda mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (z), de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(c) 

ciallaíonn “muiraistear” aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn ó chalafort cuarda nó a chríochnaíonn i gcalafort cuarda;

(d) 

ciallaíonn “cuideachta” an chuideachta loingseoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (w), de Threoir 2003/87/CE;

▼B

(e) 

ciallaíonn “olltonnáiste” (GT) an t-olltonnáiste arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tonnáiste a thomhas atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, a ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) i Londain an 23 Meitheamh 1969, nó in aon choinbhinsiún a thiocfaidh i gcomharbacht air;

(f) 

ciallaíonn “fíoraitheoir” eintiteas dlíthiúil a dhéanann gníomhaíochtaí fíoraithe agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;

(g) 

ciallaíonn “fíorú” na gníomhaíochtaí a chuireann fíoraitheoir i gcrích d'fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na ndoiciméad arna dtarchur ag an gcuideachta le ceanglais an Rialacháin seo;

(h) 

ciallaíonn “doiciméad comhlíontachta” doiciméad is sonrach do long, agus é eisithe do chuideachta ag fíoraitheoir, ar doiciméad é lena ndeimhnítear gur chomhlíon an long sin ceanglais an Rialacháin seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;

(i) 

ciallaíonn “faisnéis ábhartha eile” faisnéis a bhaineann le hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a thagann ó ídiú breosla, le hobair iompair agus le héifeachtúlacht fuinnimh long, lena féidir anailís a dhéanamh ar threochtaí astaíochtaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht long;

(j) 

ciallaíonn “fachtóir astaíochta” meánráta astaíochta gás ceaptha teasa i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, ag glacadh le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibriúchán ceimiceach eile uile;

(k) 

ciallaíonn “neamhchinnteacht” paraiméadar, a bhaineann le toradh ar chainníocht a chinneadh, arb é a phríomhthréith na luachanna a scaipeadh a d'fhéadfaí a shannadh go réasúnach don chainníocht áirithe, lena n-áirítear éifeachtaí fachtóirí córasacha chomh maith le fachtóirí randamacha, arna shloinneadh mar chéatadán, agus léirítear leis eatramh muiníne timpeall an mheánluacha lena gcuimsítear 95 % de luachanna bunaithe ar thátal ag cur aon neamhshiméadrachta i scaipeadh na luachanna san áireamh;

(l) 

ciallaíonn “coimeádach” go bhfuil tacar toimhdí sainithe d'fhonn a áirithiú nach dtarlaíonn aon ghannmheastachán ar astaíochtaí bliantúla ná aon rómheastachán ar achair nó ar mhéideanna lastais a iompraítear;

▼M2

(m) 

ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe” an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig in aon bhliain ar leith; i gcás muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in dhá bhliain éagsúla, déanfar na sonraí ábhartha a chur i gcuntas faoin mbliain lena mbaineann;

▼B

(n) 

ciallaíonn “long atá i mbeart” long atá múráilte go daingean nó ar ancaire go daingean i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit le linn di a bheith á luchtú, á díluchtú nó le linn di bheith ar fuireach ann, lena n-áirítear an t-am a chaitear ann gan a bheith gafa le hoibríochtaí lastais;

(o) 

ciallaíonn “aicme oighir” an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an Bhratstáit nó eagraíocht arna haithint ag an Stát sin, don long agus lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta i ndálaí muiroighir;

▼M2

(p) 

ciallaíonn “údarás riaracháin freagrach” an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3gf de Threoir 2003/87/CE;

(q) 

ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta” suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú ag cuideachta faoin Treoir sin, i leith gach loinge atá faoina freagracht le linn na tréimhse tuairiscithe

▼B

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.