|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa” na gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 2(1c), an chéad fhomhír, a bheith á scaoileadh ag longa;
(b)
ciallaíonn calafort cuarda calafort cuarda mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (z), de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
(c)
ciallaíonn “muiraistear” aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn ó chalafort cuarda nó a chríochnaíonn i gcalafort cuarda;
(d)
ciallaíonn “cuideachta” an chuideachta loingseoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (w), de Threoir 2003/87/CE;
(e)
ciallaíonn “olltonnáiste” (GT) an t-olltonnáiste arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tonnáiste a thomhas atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, a ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) i Londain an 23 Meitheamh 1969, nó in aon choinbhinsiún a thiocfaidh i gcomharbacht air;
(f)
ciallaíonn “fíoraitheoir” eintiteas dlíthiúil a dhéanann gníomhaíochtaí fíoraithe agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;
(g)
ciallaíonn “fíorú” na gníomhaíochtaí a chuireann fíoraitheoir i gcrích d'fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na ndoiciméad arna dtarchur ag an gcuideachta le ceanglais an Rialacháin seo;
(h)
ciallaíonn “doiciméad comhlíontachta” doiciméad is sonrach do long, agus é eisithe do chuideachta ag fíoraitheoir, ar doiciméad é lena ndeimhnítear gur chomhlíon an long sin ceanglais an Rialacháin seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;
(i)
ciallaíonn “faisnéis ábhartha eile” faisnéis a bhaineann le hastaíochtaí ►M2 gás ceaptha teasa ◄ a thagann ó ídiú breosla, le hobair iompair agus le héifeachtúlacht fuinnimh long, lena féidir anailís a dhéanamh ar threochtaí astaíochtaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht long;
(j)
ciallaíonn “fachtóir astaíochta” meánráta astaíochta gás ceaptha teasa i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, ag glacadh le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibriúchán ceimiceach eile uile;
(k)
ciallaíonn “neamhchinnteacht” paraiméadar, a bhaineann le toradh ar chainníocht a chinneadh, arb é a phríomhthréith na luachanna a scaipeadh a d'fhéadfaí a shannadh go réasúnach don chainníocht áirithe, lena n-áirítear éifeachtaí fachtóirí córasacha chomh maith le fachtóirí randamacha, arna shloinneadh mar chéatadán, agus léirítear leis eatramh muiníne timpeall an mheánluacha lena gcuimsítear 95 % de luachanna bunaithe ar thátal ag cur aon neamhshiméadrachta i scaipeadh na luachanna san áireamh;
(l)
ciallaíonn “coimeádach” go bhfuil tacar toimhdí sainithe d'fhonn a áirithiú nach dtarlaíonn aon ghannmheastachán ar astaíochtaí bliantúla ná aon rómheastachán ar achair nó ar mhéideanna lastais a iompraítear;
(m)
ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe” an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig in aon bhliain ar leith; i gcás muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in dhá bhliain éagsúla, déanfar na sonraí ábhartha a chur i gcuntas faoin mbliain lena mbaineann;
(n)
ciallaíonn “long atá i mbeart” long atá múráilte go daingean nó ar ancaire go daingean i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit le linn di a bheith á luchtú, á díluchtú nó le linn di bheith ar fuireach ann, lena n-áirítear an t-am a chaitear ann gan a bheith gafa le hoibríochtaí lastais;
(o)
ciallaíonn “aicme oighir” an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an Bhratstáit nó eagraíocht arna haithint ag an Stát sin, don long agus lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta i ndálaí muiroighir;
(p)
ciallaíonn “údarás riaracháin freagrach” an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3gf de Threoir 2003/87/CE;
(q)
ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta” suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú ag cuideachta faoin Treoir sin, i leith gach loinge atá faoina freagracht le linn na tréimhse tuairiscithe 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|