+Airteagal 5 Modhanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí►M2gás ceaptha teasa◄agus ar fhaisnéis ábhartha eile
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.

Airteagal 5 Modhanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí►M2gás ceaptha teasa◄agus ar fhaisnéis ábhartha eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Chun críocha Airteagal 4(1), (2) agus (3), déanfaidh cuideachtaí, do gach long dá gcuid, na hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a chinneadh i gcomhréir le haon cheann de na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus déanfaidh siad faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó a ghlactar dá bun.
Airteagal 5 2.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo chun Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus chun leasuithe ar Threoir 2003/87/CE a chur i gcuntas, agus chun na hIarscríbhinní sin a ailíniú leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 14(1) den Treoir sin, le rialacha idirnáisiúnta ábhartha agus le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo chun Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun eilimintí na modhanna faireacháin a leagtar amach iontu a bheachtú, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha agus chun feidhmiú éifeachtach Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE a áirithiú.

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Beidh na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar CH4 agus N2O bunaithe ar na prionsabail chéanna leis na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, maille le haon choigeartuithe is gá chun cineál na ngás ceaptha teasa ábhartha a léiriú. Déanfar na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na modhanna agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.