|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:
(a)
i gcás ina n-athraítear cuideachta;
(b)
i gcás inarb ann d'astaíochtaí ►M2 gás ceaptha teasa ◄ nua mar gheall ar fhoinsí nua astaíochtaí nó mar gheall ar úsáid a bheith á baint as breoslaí nua nach bhfuil luaite sa phlean faireacháin go fóill;
(c)
i gcás ina bhfuil athrú ar infhaighteacht sonraí, mar gheall ar chineálacha nua trealaimh tomhais, modhanna samplála nó modhanna anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile a dhéanfadh difear do chruinneas chinneadh na n-astaíochtaí ►M2 gás ceaptha teasa ◄ ;
(d)
i gcás ina n-aimsítear go bhfuil na sonraí a tháinig as an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm mícheart;
(e)
i gcás ina sainaithnítear nach bhfuil aon chuid den phlean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus ina gceanglaítear ar an gcuideachta athbreithniú a dhéanamh ar an bplean faireacháin sin de bhun Airteagal 13(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|