+Airteagal 7 Modhnuithe ar an bplean faireacháin
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.

Airteagal 7 Modhnuithe ar an bplean faireacháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus ar a laghad uair sa bhliain, an léirítear le plean faireacháin loinge cineál agus feidhmiú na loinge agus an féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú.
Airteagal 7 2.

Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a) 

i gcás ina n-athraítear cuideachta;

(b) 

i gcás inarb ann d'astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ nua mar gheall ar fhoinsí nua astaíochtaí nó mar gheall ar úsáid a bheith á baint as breoslaí nua nach bhfuil luaite sa phlean faireacháin go fóill;

(c) 

i gcás ina bhfuil athrú ar infhaighteacht sonraí, mar gheall ar chineálacha nua trealaimh tomhais, modhanna samplála nó modhanna anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile a dhéanfadh difear do chruinneas chinneadh na n-astaíochtaí  ►M2  gás ceaptha teasa ◄ ;

(d) 

i gcás ina n-aimsítear go bhfuil na sonraí a tháinig as an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm mícheart;

(e) 

i gcás ina sainaithnítear nach bhfuil aon chuid den phlean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus ina gceanglaítear ar an gcuideachta athbreithniú a dhéanamh ar an bplean faireacháin sin de bhun Airteagal 13(1).

Airteagal 7 3.
Tabharfaidh na cuideachtaí fógra do na fíoraitheoirí gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon togra le haghaidh an plean faireacháin a mhodhnú.
Airteagal 7 4.
Beidh modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi mhír 2, pointí (b), (c) agus (d), den Airteagal seo faoi réir mheasúnú an fhíoraitheora i gcomhréir le hAirteagal 13(1). Tar éis an mheasúnaithe, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta i dtaobh an bhfuil na modhnuithe sin i gcomhréir. Cuirfidh an chuideachta a plean faireacháin modhnaithe faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh nuair a bheidh fógra faighte aici ón bhfíoraitheoir go bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir.
Airteagal 7 5.
Formheasfaidh an t-údarás riaracháin freagrach modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi mhír 2, pointí (a) go (d), i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír den mhír seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha a bhaineann le hathruithe ar na pleananna faireacháin a fhormheas ag na húdaráis riaracháin fhreagracha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.