+Airteagal 9 Faireachán in aghaidh an mhuiraistir
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.

Airteagal 9 Faireachán in aghaidh an mhuiraistir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

Bunaithe ar an bplean faireacháin a ndearnadh measúnú air i gcomhréir le hAirteagal 13(1), le haghaidh gach loinge a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn uaidh agus le haghaidh gach muiraistir chuig calafort atá faoi dhlínse Ballstait nó uaidh, déanfaidh cuideachtaí faireachán ar na paraiméadair seo a leanas i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I agus le Cuid A d'Iarscríbhinn II:

(a) 

an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus uair na himeachta agus an teachta isteach;

(b) 

méid agus fachtóir astaíochtaí do gach cineál breosla arna ídiú ar an iomlán;

(c) 

►M2  gás ceaptha teasa ◄ a astaítear;

(d) 

an fad a thaistealaítear;

(e) 

an t-am a chaitear ar muir;

(f) 

an lastas a iompraítear;

(g) 

an obair iompair.

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear.

Airteagal 9 2.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar d'Airteagal 10, díolmhófar cuideachta ón oibleagáid maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aghaidh an mhuiraistir do long sonraithe, más rud é:

(a) 

go dtosaíonn nó go gcríochnaíonn aistir uile na loinge le linn na tréimhse tuairiscithe ag calafort atá faoi dhlínse Ballstáit; agus

(b) 

go ndéanann an long, de réir a sceidil, os cionn 300 aistear le linn na tréimhse tuairiscithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.