+Airteagal 20 Pionóis, malartú faisnéise agus ordú díbeartha
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.

Airteagal 20 Pionóis, malartú faisnéise agus ordú díbeartha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Bunóidh na Ballstáit córas pionós mar gheall ar mhainneachtain na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 12 a chomhlíonadh agus déanfaidh siad gach beart is gá d'fhonn a áirithiú go bhforchuirtear na pionóis sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Iúil 2017, agus tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin don Choimisiún gan mhoill.
Airteagal 20 2.
Bunóidh na Ballstáit malartú éifeachtach faisnéise agus comhar éifeachtach idir a n-údaráis náisiúnta atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a áirithiú nó, más infheidhme, a n-údaráis a bhfuil na nósanna imeachta um pionóis ar a n-iontaoibh. Déanfar fógra faoi nósanna imeachta náisiúnta um pionóis i gcoinne long sonraithe arna ndéanamh ag aon Bhallstát a thabhairt don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann.
Airteagal 20 3.
I gcás long a mhainnigh na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó, agus i gcás inar mhainnigh bearta forfheidhmiúcháin eile comhlíonadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint, a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, seachas an Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt don long lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 18. I gcás ina bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain ag long den sórt sin agus ina dtagann sí isteach nó ina bhfaightear í i gcalafort dá chuid, coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an long, tar éis an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe.

I gcás ina bhfaightear long dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gceann de chalafoirt an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú coinneála Bratstáit a eisiúint go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe. Cuirfidh sé an Coimisiún, EMSA agus na Ballstáit eile ar an eolas ina thaobh sin.

Déanfar comhlíonadh na n-oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin a dheimhniú trí fhógra faoi dhoiciméad bailí comhlíontachta a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a d’eisigh an t-ordú díbeartha. Ní dochar an mhír seo do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.

Airteagal 20 4.
Beidh an ceart ag úinéir na loinge nó oibreoir loinge nó ag a ionadaí sna Ballstáit réiteach éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne ordú díbeartha agus déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach é nó í a chur ar an eolas go cuí ina leith sin. Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú agus a choimeád ar bun chun na críche seo.
Airteagal 20 5.
Maidir le haon Bhallstát nach bhfuil aon chalafort muirí ina chríoch agus a bhfuil a chlár náisiúnta long dúnta nó nach bhfuil a bhrat ar foluain ag aon longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus a fhad agus nach bhfuil a bhrat ar foluain ag longa den sórt sin, féadfaidh sé maolú ó fhorálacha an Airteagail seo. Aon Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2015. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

Ní bheidh feidhm ag an bhféidearthacht maolú faoin gcéad fhomhír maidir le Ballstát arb é an t-údarás riaracháin freagrach a údarás.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.