+Airteagal 20 3.

Airteagal 20 3.

I gcás long a mhainnigh na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó, agus i gcás inar mhainnigh bearta forfheidhmiúcháin eile comhlíonadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint, a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, seachas an Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt don long lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 18. I gcás ina bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain ag long den sórt sin agus ina dtagann sí isteach nó ina bhfaightear í i gcalafort dá chuid, coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an long, tar éis an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe.

I gcás ina bhfaightear long dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gceann de chalafoirt an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú coinneála Bratstáit a eisiúint go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe. Cuirfidh sé an Coimisiún, EMSA agus na Ballstáit eile ar an eolas ina thaobh sin.

Déanfar comhlíonadh na n-oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin a dheimhniú trí fhógra faoi dhoiciméad bailí comhlíontachta a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a d’eisigh an t-ordú díbeartha. Ní dochar an mhír seo do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.