|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112” córas éigeandála, lena gcuimsítear trealamh infheithicle agus an bealach chun an tarchur eCall a thruicearú, a bhainistiú agus a chur i ngníomh, a chuirtear i ngníomh go huathoibríoch le braiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, tacar íosta sonraí caighdeánaithe agus a bhunaíonn cainéal fuaime bunaithe ar an gcóras 112 idir áititheoirí na feithicle agus PFSP eCall;
(2)
ciallaíonn “eCall” glao éigeandála infheithicle chuig 112, a dhéantar go huathoibríoch trí bhíthin braiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn tacar íosta sonraí agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus PFSP eCall trí líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang;
(3)
ciallaíonn “pointe freagartha sábháilteachta poiblí” nó “PFSP” láthair fhisiciúil ina bhfaightear glaonna éigeandála ar dtús faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a aithníonn an Ballstát;
(4)
ciallaíonn “PFSP is iomchuí” PFSP arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis fhreagracha chun glaonna éigeandála ó limistéar áirithe nó glaonna éigeandála de chineál áirithe a chumhdach;
(5)
ciallaíonn “PFSP eCall” an PFSP is iomchuí arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis a fuair agus a láimhseáil eCalls den chéad uair;
(6)
ciallaíonn “tacar íosta sonraí” nó “TÍS” an fhaisnéis a shainítear leis na “Córais chliste iompair — eSafety — tacar íosta sonraí (TÍS) eCall” (EN 15722:2011) a sheoltar chuig PFSP eCall;
(7)
ciallaíonn “trealamh infheithicle” trealamh atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil sin lena dtugtar rochtain ar na sonraí infheithicle atá riachtanach chun an t-idirbeart eCall a dhéanamh trí líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang nó a bhfuil rochtain aige ar na sonraí sin;
(8)
ciallaíonn “idirbheart eCall” seisiún cumarsáide soghluaiste gan sreang a bhunú trasna líonra cumarsáide poiblí gan sreang agus TÍS a tharchur ó fheithicil go PFSP eCall agus cainéal fuaime a bhunú idir an fheithicil agus PFSP eCall céanna;
(9)
(10)
ciallaíonn “eCall lena dtacaíonn seirbhísí tríú páirtí” nó “eCall STP” glao éigeandála infheithicle chuig soláthróir seirbhíse tríú páirtí, a dhéantar go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí;
(11)
ciallaíonn “soláthróir seirbhíse tríú páirtí” eagraíocht a aithníonn na húdaráis náisiúnta mar eagraíocht atá ceadaithe eCall STP a fháil agus TÍS a sheoladh chuig PFSP eCall;
(12)
ciallaíonn “córas eCall infheithicle seirbhísí tríú páirtí” nó “córas eCall infheithicle STP” córas arna chur i ngníomh go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|