+Airteagal 5 Maoirsiú agus forfheidhmiú
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
|
Airteagal 5 Maoirsiú agus forfheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh Airteagal 3 agus Airteagal 4 agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad, agus déanfaidh siad fáil leanúnach ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon neamh-idirdhealaitheacha a chur chun cinn ar leibhéil cháilíochta a léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta. Chun na críocha sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais maidir le saintréithe teicniúla agus íoscheanglais maidir le cáilíocht na seirbhíse agus bearta eile is iomchuí agus is gá a fhorchur ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon. Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar bhonn bliantúil i ndáil lena bhfaireachán agus lena dtorthaí, agus cuirfidh siad na tuarascálacha sin ar fáil don Choimisiún agus do BEREC.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Arna iarraidh sin don údarás naisiúnta rialála, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, faisnéis a chur ar fáil a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 don údarás rialála náisiúnta, go háirithe faisnéis faoin gcaoi a bhainistítear a n-acmhainn líonra agus a dtrácht líonra, mar aon le boinn cirt le haon bhearta bainistithe tráchta a cuireadh i bhfeidhm. Soláthróidh na soláthraithe sin an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus le leibhéal na mionsonraí a cheanglaíonn an t-údarás náisiúnta rialála.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Faoin 30 Lúnasa 2016, d’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo, déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí atá ag na húdaráis rialála náisiúnta faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Tá an tAirteagal seo gan dochar do na cúraimí a dhéanann na Ballstáit a shannadh do na húdaráis naisiúnta rialála nó d’údaráis inniúla eile i gcomhlíonadh dhlí an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2120
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|