Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán ar an margadh agus ar fhorbairtí praghais i gcás cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus déanfaidh siad tuairisciú air chuig an gCoimisiún.
I gcás ina mbunaíonn soláthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas, mar gheall ar imthosca sonracha agus eisceachtúla lena n-idirdhealaítear an soláthraí sin ó fhormhór sholáthraithe eile an Aontais, go mbeadh tionchar suntasach ar a chumas na praghsanna a ghearrann sé cheana féin le haghaidh cumarsáid náisiúnta a choinneáil dá gcuirfí an mhír sin i bhfeidhm, féadfaidh údarás rialáilte náisiúnta maolú a dheonú ar mhír 1, ar iarraidh ón soláthraí, ach amháin a mhéid is gá agus ar feadh tréimhse inathnuaite de 1 bhliain amháin, do sholáthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas. Bunófar an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe baile ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas, chomh maith le leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta.
I gcás ina ndéanann an soláthraí iarrthach an dualgas cruthúnais is infheidhme a urscaoileadh, cinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta an t-uasleibhéal praghsanna. ar mó é ná ceann amháin nó an dá cheann de na uasteorainneacha a leagtar amach i mír 1, nach bhféadfaí inbhuanaitheacht shamhail muirearaithe baile an tsoláthraí a áirithiú dá uireasa. Foilseoidh BEREC treoirlínte maidir leis na paraiméadair a bheidh le cur san áireamh ag údaráis rialála náisiúnta i measúnúithe a dhéanfaidh siad.