+Airteagal 5a Muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas
---+Airteagal 5a 1.
---+Airteagal 5a 2.
---+Airteagal 5a 3.
---+Airteagal 5a 4.
---+Airteagal 5a 5.
---+Airteagal 5a 6.
---+Airteagal 5a 7.
---+Airteagal 5a 8.
---+Airteagal 5a 9.
---+Airteagal 5a 10.
---+Airteagal 5a 11.
|
Airteagal 5a Muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5a 1.
|
Ón 15 Bealtaine 2019, ní rachaidh aon phraghas miondíola (gan CBL a áireamh) a ghearrtar ar thomhaltóirí as cumarsáid rialáilte a dhéanamh laistigh den Aontas thar EUR 0,19 in aghaidh an nóiméid ar ghlaonna agus EUR 0,06 in aghaidh na teachtaireachta SMS.
|
|
Airteagal 5a 2.
|
Ina theannta sin agus d'ainneoin na n-oibleagáidí a leagtar síos i mír 1, féadfaidh soláthraithe cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas taraif le haghaidh cumarsáid idirnáisiúnta, ina gcuimsítear cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas nach ionann é agus taraif a socraíodh i gcomhréir le mír 1, a thairiscint (agus féadfaidh tomhaltóirí an taraif sin a roghnú go sainráite), ar de bhua na taraife sin a bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as taraif eile le haghaidh cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas seachas an ceann a thabharfaí dóibh ina héagmais. Sula roghnaíonn tomhaltóirí taraif atá chomh difriúil sin, cuirfidh soláthraí na cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas iad ar an eolas maidir le cineál na mbuntáistí a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.
|
|
Airteagal 5a 3.
|
I gcás ina sáraíonn taraif le haghaidh cumarsáide rialáilte laistigh den AE dá dtagraítear i mír 2 na huasteorainneacha atá leagtha síos i mír 1, cuirfear na taraifí a leagtar síos i mír 1 ar fáil go huathoibríoch do na tomhaltóirí sin nár dheimhnigh rogha nó nár chuir rogha in iúl i dtaobh aon taraife a leagtar amach i mír 2 laistigh de thréimhse 2 mhí ón 15 Bealtaine 2019.
|
|
Airteagal 5a 4.
|
Féadfaidh tomhaltóirí athrú, saor in aisce, ó tharaifí nó ar ais chuig na taraifí mar a leagtar síos i mír 1 laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis don soláthróir an iarraidh a fháil agus áiritheoidh soláthraithe nach bhfuil i gceist leis an athrú sin coinníollacha ná srianta a bhaineann le heilimintí de na síntiúis seachas leis an gcumarsáid rialáilte laistigh den Aontas.
|
|
Airteagal 5a 5.
|
I gcás ina n-ainmnítear na muirir uasta dá dtagraítear i mír 1 in airgeadra eile seachas an euro, déanfar na teorainneacha tosaigh a chinneadh sna hairgeadraí sin trí na rátaí malairte tagartha a chur i bhfeidhm a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach an 15 Eanáir, an 15 Feabhra agus an 15 Márta 2019 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar athbhreithniú ar bhonn bliantúil ó 2020 ar na teorainneacha in airgeadraí seachas an euro. Beidh feidhm ag na teorainneacha sna hairgeadraí sin (ar teorainneacha iad a athbhreithneofar go bliantúil) ón 15 Bealtaine agus meán na rátaí malairte tagartha a fhoilseofar an 15 Eanáir, an 15 Feabhra, agus an 15 Márta an bhliain chéanna á úsáid.
|
|
Airteagal 5a 6.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán ar an margadh agus ar fhorbairtí praghais i gcás cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus déanfaidh siad tuairisciú air chuig an gCoimisiún.
I gcás ina mbunaíonn soláthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas, mar gheall ar imthosca sonracha agus eisceachtúla lena n-idirdhealaítear an soláthraí sin ó fhormhór sholáthraithe eile an Aontais, go mbeadh tionchar suntasach ar a chumas na praghsanna a ghearrann sé cheana féin le haghaidh cumarsáid náisiúnta a choinneáil dá gcuirfí an mhír sin i bhfeidhm, féadfaidh údarás rialáilte náisiúnta maolú a dheonú ar mhír 1, ar iarraidh ón soláthraí, ach amháin a mhéid is gá agus ar feadh tréimhse inathnuaite de 1 bhliain amháin, do sholáthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas. Bunófar an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe baile ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas, chomh maith le leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta.
I gcás ina ndéanann an soláthraí iarrthach an dualgas cruthúnais is infheidhme a urscaoileadh, cinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta an t-uasleibhéal praghsanna. ar mó é ná ceann amháin nó an dá cheann de na uasteorainneacha a leagtar amach i mír 1, nach bhféadfaí inbhuanaitheacht shamhail muirearaithe baile an tsoláthraí a áirithiú dá uireasa. Foilseoidh BEREC treoirlínte maidir leis na paraiméadair a bheidh le cur san áireamh ag údaráis rialála náisiúnta i measúnúithe a dhéanfaidh siad.
|
|
Airteagal 5a 7.
|
Ón 1 Eanáir 2029, ní chuirfidh soláthraithe praghsanna miondíola éagsúla i bhfeidhm ar thomhaltóirí le haghaidh cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas, ar choinníoll go nglacfar rialacha teicniúla maidir le coimircí, amhail an inbhuanaitheacht, an úsáid chóir agus bearta frithchalaoise. Faoin 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha teicniúla sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5b.
|
|
Airteagal 5a 8.
|
Ón 1 Eanáir 2025, maidir leis an oibleagáid gan praghsanna miondíola éagsúla a chur i bhfeidhm a leagtar síos i mír 7, féadfaidh soláthraithe í a chomhlíonadh ar bhonn deonach. Beidh na soláthraithe sin díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, faoi réir beartas maidir le húsáid chóir, d’fhonn na sochair a bhaineann le praghsanna comhionanna miondíola ar chumarsáid intíre agus ar chumarsáid laistigh den Aontas a thabhairt do thomhaltóirí níos luaithe. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le húsáid chóir, bunaithe ar ghnáthphatrúin úsáide, agus bearta frithchalaoise faoin 31 Nollaig 2024, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5b(2).
|
|
Airteagal 5a 9.
|
Faoin 30 Meitheamh 2027, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Airteagal seo, agus bunaithe ar an measúnú ar a thionchar, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, a chinneadh togra reachtach a thíolacadh chun é a leasú.
|
|
Airteagal 5a 10.
|
Beidh an méid seo a leanas sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 9:
(a)
forbairt na gcostas mórdhíola a bhaineann le soláthar cumarsáide laistigh den Aontas;
(b)
forbairt na hiomaíochta sa mhargadh chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus treocht phraghsanna miondíola na cumarsáide laistigh den Aontas sna Ballstáit éagsúla;
(c)
forbairt na roghanna is fearr le tomhaltóirí agus na rogha tairiscintí speisialta agus cuach nach ngearrtar muirir orthu ar bhonn thomhaltas iarbhír na cumarsáide laistigh den Aontas;
(d)
an tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar na margaí náisiúnta chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus go háirithe ar na praghsanna miondíola a ghearrtar ar thomhaltóirí i gcoitinne, agus na costais a bhaineann le cumarsáid laistigh den Aontas a sholáthar á gcur san áireamh, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar ioncam i gcás soláthraithe agus, más féidir, ar chumas infheistíochta na soláthraithe, go háirithe i bhfianaise leathadh amach líonraí amach anseo i gcomhréir leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 i gcás nach gcuirtear muirir bhreise ar chumarsáid laistigh den Aontas i bhfeidhm cheana féin;
(e)
méid úsáide, infhaighteacht agus iomaíochas na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir nó aon roghanna malartacha ar chumarsáid laistigh den Aontas;
(f)
forbairt na bpleananna taraife maidir le cumarsáid laistigh den Aontas, agus go háirithe, a mhéid a chuir cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i mír 8 torthaí ar fáil a théann i dtreo deireadh a chur le difríochtaí i bpraghsanna miondíola do thomhaltóirí idir cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas.
|
|
Airteagal 5a 11.
|
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 9 a dhéanamh, baileoidh BEREC faisnéis ábhartha ó na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn rialta. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta sonraí den sórt sin a sholáthar i gcomhar le húdaráis inniúla eile. Cuirfear na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo in iúl don Choimisiún uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí. Chun a áirithiú gur féidir le BEREC a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin mír seo, beidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe comhoibriú trí na sonraí a iarrtar, lena n-áirítear sonraí rúnda, a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2120
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|