+Airteagal 10 Teacht i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.

Airteagal 10 Teacht i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 10 2.

Beidh feidhm aige ón 30 Aibreán 2016, seachas maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

I gcás ina bhfuil an gníomh reachtach atá le glacadh tar éis an togra dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 infheidhme an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, pointe 7(a) go (c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo agus pointe 8(a), (b) agus (d) d’Airteagal 7 den Rialachán seo amhail ón dáta sin.

I gcás nach bhfuil an gníomh reachtach sin infheidhme an 15 Meitheamh 2017, leanfaidh pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6f de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, d’fheidhm bheith aige go dtí go mbeidh an gníomh reachtach sin infheidhme.

I gcás go dtiocfaidh an gníomh reachtach chun bheith infheidhme tar éis an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, pointe 7 (a) go (c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo seo agus pointe 8 (a), (b) agus (d) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó dháta teacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh sin;

(b) 

maidir le tabhairt na gcumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún atá i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo agus i bpointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6d agus Airteagal 6e(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, beidh feidhm acu amhail ón 29 Samhain 2015;

(c) 

beidh feidhm ag Airteagal 5(3) amhail ón 29 Samhain 2015;

(d) 

beidh feidhm ag pointe 10 d’Airteagal 7 den Rialachan seo amhail ón 29 Samhain 2015.

Airteagal 10 3.
Féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna féinrialála, a bhí i bhfeidhm roimh an 29 Samhain 2015 agus nach gcomhlíonann Airteagal 3(2) nó (3) a choimeád ar bun go dtí an 31 Nollaig 2016. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis na bearta sin faoin 30 Aibreán 2016.
Airteagal 10 4.
Leanfaidh forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012 ón gCoimisiún ( 5 ) a bhaineann leis an módúlacht theicniúil do chur chun feidhme na rochtana ar sheirbhísí áitiúla fánaíochta sonraí ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air d’fheidhm a bheith acu chun go ndíolfar ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo.
Airteagal 10 5.
Rachaidh Airteagal 5a in éag an ►M3  30 Meitheamh 2032 ◄ .

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2120
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.