+Airteagal 7 Dearbhú cáilíochta
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
|
Airteagal 7 Dearbhú cáilíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, tá feidhm ag na critéir cháilíochta chaighdeánacha a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, gan mhoill, faoi aon athruithe sa mhodheolaíocht nó faoi aon athruithe eile a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an t-athrú sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Gach trí bliana, soláthróidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta chaighdeánach don Choimisiún (Eurostat) faoi na sonraí i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis faoi raon agus bailiú na sonraí, na critéir ríomha, an mhodheolaíocht agus na foinsí sonraí a úsáideadh, agus aon athruithe ar an méid sin.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a sholáthraítear, agus úsáidfidh sé an measúnú sin agus anailís ar na tuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 chun tuarascáil maidir le cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a ullmhú agus a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 7 5
|
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na ceanglais um dhearbhú cáilíochta teicniúil maidir le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.11.2016 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1952
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|