|
+Airteagal 3 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe |
Airteagal 3 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraitheAirteagal 3 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe Déanfar, sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe de chuid cuideachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thabhairt i gcónaí:
(a)
cineál agus ainm na cuideachta;
(b)
cuspóirí na cuideachta;
(c)
i gcás nach mbeidh aon chaipiteal údaraithe ag an gcuideachta, méid an chaipitil shuibscríofa;
(d)
i gcás ina mbeidh caipiteal údaraithe ag an gcuideachta, méid an chaipitil sin agus, freisin, méid an chaipitil shuibscríofa an tráth a chorpraítear an chuideachta nó a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, agus an tráth a thagann aon athrú ar an gcaipiteal údaraithe, gan dochar d'Airteagal 14(e);
(e)
a mhéid nach ndéantar iad a chinneadh go dlíthiúil, na rialacha lena rialaítear líon chomhaltaí na gcomhlachtaí atá freagrach as ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i dtaca le tríú páirtithe, riarachán, bainistiú, maoirsiú nó rialú na cuideachta agus cionroinnt na gcumhachtaí i measc na gcomhlachtaí sin agus lena rialaítear an nós imeachta chun na comhaltaí sin a cheapadh;
(f)
ré na cuideachta, ach amháin i gcás ina mbeidh sé sin éiginnte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|