+Section 1 Incorporation of the public liability company
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe
---+Airteagal 4 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh
---+Airteagal 5 Údarú dul i mbun gnó i gcéaduair
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 6 Cuideachtaí comhaltaí iolracha
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.

Section 1 Incorporation of the public liability company

Section 1 Incorporation of the public liability company

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 Raon feidhme

Raon feidhme

Airteagal 3 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe

Airteagal 3

Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe

Déanfar, sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe de chuid cuideachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thabhairt i gcónaí:

(a) 

cineál agus ainm na cuideachta;

(b) 

cuspóirí na cuideachta;

(c) 

i gcás nach mbeidh aon chaipiteal údaraithe ag an gcuideachta, méid an chaipitil shuibscríofa;

(d) 

i gcás ina mbeidh caipiteal údaraithe ag an gcuideachta, méid an chaipitil sin agus, freisin, méid an chaipitil shuibscríofa an tráth a chorpraítear an chuideachta nó a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, agus an tráth a thagann aon athrú ar an gcaipiteal údaraithe, gan dochar d'Airteagal 14(e);

(e) 

a mhéid nach ndéantar iad a chinneadh go dlíthiúil, na rialacha lena rialaítear líon chomhaltaí na gcomhlachtaí atá freagrach as ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i dtaca le tríú páirtithe, riarachán, bainistiú, maoirsiú nó rialú na cuideachta agus cionroinnt na gcumhachtaí i measc na gcomhlachtaí sin agus lena rialaítear an nós imeachta chun na comhaltaí sin a cheapadh;

(f) 

ré na cuideachta, ach amháin i gcás ina mbeidh sé sin éiginnte.

Airteagal 4 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh

Airteagal 4

Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le feiceáil sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe nó i ndoiciméad ar leithligh a fhoilsítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i ndlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16:

(a) 

an oifig chláraithe;

(b) 

luach ainmniúil na scaireanna arna suibscríobh agus, uair sa bhliain ar a laghad, an líon díobh;

(c) 

an líon scaireanna arna suibscríobh gan an luach ainmniúil a lua, i gcás inar féidir scaireanna den sórt sin a eisiúint faoin dlí náisiúnta;

(d) 

na coinníollacha speisialta, más ann dóibh, lena gcuirtear teorainn leis an aistriú scaireanna;

(e) 

i gcás ina bhfuil aicmí éagsúla scaireanna ann, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) le haghaidh gach aicme agus na cearta a ghabhann le scaireanna gach aicme;

(f) 

an bhfuil na scaireanna cláraithe nó an scaireanna iompróra iad, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta don dá chineál, agus aon fhorálacha a bhaineann le comhshó scaireanna den sórt sin mura rud é go leagtar an nós imeachta síos le dlí;

(g) 

méid an chaipitil shuibscríofa atá íoctha an tráth a chorpraítear an chuideachta nó a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair;

(h) 

luach ainmniúil na scaireanna nó, i gcás nach mbeidh aon luach ainmniúil ann, an líon scaireanna a eisítear le haghaidh comaoin seachas in airgead tirim, i dteannta chineál na comaoine agus ainm an duine a sholáthraíonn an chomaoin;

(i) 

céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó na gcuideachtaí nó na ngnólachtaí a shínigh, nó ar ina n-ainm a síníodh, na reachtanna nó an ionstraim chorpraithe, nó i gcás nár foirmíodh an chuideachta ag an am céanna, na dréachtaí de na doiciméid sin;

(j) 

méid iomlán na gcostas go léir is iníoctha ag an gcuideachta nó is inmhuirearaithe uirthi de bharr a foirmithe, agus, i gcás inarb iomchuí, sula n-údaraítear don chuideachta dul i mbun gnó i gcéaduair, nó ar a laghad meastóireacht ar na costais sin;

(k) 

aon bhuntáiste speisialta a dheonaítear, an tráth a fhoirmítear an chuideachta nó go dtí an tráth a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, d'aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú na cuideachta nó in idirbhearta as a leanann deonú údaraithe den sórt sin.

Airteagal 5 Údarú dul i mbun gnó i gcéaduair

Údarú dul i mbun gnó i gcéaduair

Airteagal 6 Cuideachtaí comhaltaí iolracha

Cuideachtaí comhaltaí iolracha

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.