|
+Airteagal 4 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh |
Airteagal 4 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithlighAirteagal 4 Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le feiceáil sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe nó i ndoiciméad ar leithligh a fhoilsítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i ndlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16:
(a)
an oifig chláraithe;
(b)
luach ainmniúil na scaireanna arna suibscríobh agus, uair sa bhliain ar a laghad, an líon díobh;
(c)
an líon scaireanna arna suibscríobh gan an luach ainmniúil a lua, i gcás inar féidir scaireanna den sórt sin a eisiúint faoin dlí náisiúnta;
(d)
na coinníollacha speisialta, más ann dóibh, lena gcuirtear teorainn leis an aistriú scaireanna;
(e)
i gcás ina bhfuil aicmí éagsúla scaireanna ann, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) le haghaidh gach aicme agus na cearta a ghabhann le scaireanna gach aicme;
(f)
an bhfuil na scaireanna cláraithe nó an scaireanna iompróra iad, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta don dá chineál, agus aon fhorálacha a bhaineann le comhshó scaireanna den sórt sin mura rud é go leagtar an nós imeachta síos le dlí;
(g)
méid an chaipitil shuibscríofa atá íoctha an tráth a chorpraítear an chuideachta nó a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair;
(h)
luach ainmniúil na scaireanna nó, i gcás nach mbeidh aon luach ainmniúil ann, an líon scaireanna a eisítear le haghaidh comaoin seachas in airgead tirim, i dteannta chineál na comaoine agus ainm an duine a sholáthraíonn an chomaoin;
(i)
céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó na gcuideachtaí nó na ngnólachtaí a shínigh, nó ar ina n-ainm a síníodh, na reachtanna nó an ionstraim chorpraithe, nó i gcás nár foirmíodh an chuideachta ag an am céanna, na dréachtaí de na doiciméid sin;
(j)
méid iomlán na gcostas go léir is iníoctha ag an gcuideachta nó is inmhuirearaithe uirthi de bharr a foirmithe, agus, i gcás inarb iomchuí, sula n-údaraítear don chuideachta dul i mbun gnó i gcéaduair, nó ar a laghad meastóireacht ar na costais sin;
(k)
aon bhuntáiste speisialta a dheonaítear, an tráth a fhoirmítear an chuideachta nó go dtí an tráth a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, d'aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú na cuideachta nó in idirbhearta as a leanann deonú údaraithe den sórt sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|