|
+Airteagal 11 Coinníollacha maidir le neamhniú cuideachta |
Airteagal 11 Coinníollacha maidir le neamhniú cuideachtaAirteagal 11 Coinníollacha maidir le neamhniú cuideachta Ní fhéadfar, i ndlíthe na mBallstát, foráil a dhéanamh maidir le neamhniú cuideachtaí, ach amháin i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:
(a)
ní mór neamhniú a bheith ordaithe le cinneadh ó chúirt dlí;
(b)
ní fhéadtar neamhniú a ordú ach amháin ar na forais seo a leanas:
(i)
nár forghníomhaíodh aon ionstraim chomhdhéanaimh nó nár comhlíonadh rialacha an rialaithe choiscthigh nó na foirmiúlachtaí dlíthiúla is gá,
(ii)
go bhfuil cuspóirí na cuideachta neamhdhleathach nó contrártha leis an mbeartas poiblí,
(iii)
nach luaitear, san ionstraim chomhdhéanaimh ná sna reachtanna, ainm na cuideachta, méid na suibscríbhinní aonair caipitil, méid iomlán an chaipitil a suibscríobhadh nó cuspóirí na cuideachta,
(iv)
gur mainníodh na forálacha sa dlí náisiúnta a chomhlíonadh a bhaineann leis an íosmhéid caipitil a bheidh le híoc,
(v)
éagumas na mball bunaidh uile,
(vi)
gurb amhlaidh, go contrártha leis an dlí náisiúnta lena rialaítear an chuideachta, gur lú ná beirt líon na mball bunaidh. Cé is moite d'fhorais an neamhnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh cuideachta faoi réir aon chúis le neamh-eiseadh, neamhniú iomlán, neamhniú coibhneasta ná dearbhú neamhnithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|