|
+Airteagal 13f Ceanglais faisnéise |
Airteagal 13f Ceanglais faisnéiseAirteagal 13f Ceanglais faisnéise Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis bheacht agus sho-úsáidte ar fáil saor in aisce ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach chun cabhrú cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:
(a)
rialacha maidir le cuideachtaí a fhoirmiú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13g agus Airteagal 13j, agus ceanglais maidir le húsáid teimpléad agus maidir le doiciméid foirmithe eile, sainaithint daoine, úsáid teangacha agus táillí is infheidhme;
(b)
rialacha maidir le brainsí a chlárú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28a agus Airteagal 28b, agus ceanglais maidir doiciméid chlárúcháin, sainaithint daoine, agus úsáid teangacha;
(c)
achoimre ar na rialacha maidir le ballraíocht i gcomhlacht riaracháin, i gcomhlacht bainistíochta agus i gcomhlacht maoirseachta cuideachta, lena n-áirítear na rialacha maidir le dícháiliú stiúrthóirí agus maidir leis na húdaráis nó comhlachtaí atá freagrach as an bhfaisnéis faoi stiúrthóirí dícháilithe a choimeád;
(d)
achoimre ar chumhachtaí agus freagrachtaí chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistíochta agus chomhlacht maoirseachta chuideachta, lena n-áirítear údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i leith tríú páirtithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|