+Section 1 General provisions
---+Airteagal 13 Raon feidhme
---+Airteagal 13a Sainmhínithe
---+Airteagal 13b Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne
------+Airteagal 13b 1.
------+Airteagal 13b 2.
------+Airteagal 13b 3.
------+Airteagal 13b 4.
---+Airteagal 13c Forálacha ginearálta maidir le nósanna imeachta ar líne
------+Airteagal 13c 1.
------+Airteagal 13c 2.
------+Airteagal 13c 3.
---+Airteagal 13d Táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne
------+Airteagal 13d 1.
------+Airteagal 13d 2.
---+Airteagal 13e Íocaíochtaí
---+Airteagal 13f Ceanglais faisnéise
|
Section 1 General provisions
Section 1 General provisions
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 Raon feidhme
|
Airteagal 13 Raon feidhme Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforbraítear leis an Roinn seo agus le Roinn 1A maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina sonrófar sin, a bhaineann leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn IIA.
▼M2
|
|
Airteagal 13a Sainmhínithe
|
Airteagal 13a Sainmhínithe Chun críocha na Caibidle seo:
(1)
ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” modh ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
(2)
ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” scéim ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(3)
ciallaíonn “modhanna leictreonacha” trealamh leictreonach a úsáidtear do phróiseáil, lena n-áirítear comhbhrú digiteach agus stóráil sonraí agus trína seoltar an fhaisnéis ar an gcéad dul síos agus trína bhfaightear iad ag an gceann scríbe; seolfar, tíolacfar agus cuirfear ar fáil an fhaisnéis sin go hiomlán ar bhealach a chinnfidh na Ballstáit;
(4)
ciallaíonn “foirmiú” an próiseas iomlán lena bhfoirmítear cuideachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear tarraingt suas a dhéanamh ar ionstraim chomhdhéanamh na cuideachta agus na céimeanna go léir is gá ionas go ndéanfaí cuideachta a iontráil ar an gclár;
(5)
ciallaíonn “clárú brainsí” próiseas as a dtagann nochtadh doiciméad agus faisnéise a bhaineann le brainse nua-oscailte i mBallstát;
(6)
ciallaíonn “teimpléad” samhail le haghaidh na hionstraime comhdhéanaimh de chuid cuideachta arna tarraingt suas ag na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a úsáidtear chun cuideachta a fhoirmiú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 13g.
|
|
Airteagal 13b Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne
|
Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne
|
|
Airteagal 13c Forálacha ginearálta maidir le nósanna imeachta ar líne
|
Forálacha ginearálta maidir le nósanna imeachta ar líne
|
|
Airteagal 13d Táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne
|
Táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne
|
|
Airteagal 13e Íocaíochtaí
|
Airteagal 13e Íocaíochtaí I gcás inar gá íocaíocht a dhéanamh chun nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo a chur i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an íocaíocht sin a dhéanamh trí bhíthin seirbhís íocaíochta ar líne atá le fáil go forleathan a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí trasteorann trína gceadaítear an duine a rinne an íocaíocht a shainaithint, agus arna soláthar ag institiúid airgeadais nó soláthraí seirbhíse íocaíochta atá bunaithe i mBallstát.
|
|
Airteagal 13f Ceanglais faisnéise
|
Airteagal 13f Ceanglais faisnéise Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis bheacht agus sho-úsáidte ar fáil saor in aisce ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach chun cabhrú cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:
(a)
rialacha maidir le cuideachtaí a fhoirmiú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13g agus Airteagal 13j, agus ceanglais maidir le húsáid teimpléad agus maidir le doiciméid foirmithe eile, sainaithint daoine, úsáid teangacha agus táillí is infheidhme;
(b)
rialacha maidir le brainsí a chlárú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28a agus Airteagal 28b, agus ceanglais maidir doiciméid chlárúcháin, sainaithint daoine, agus úsáid teangacha;
(c)
achoimre ar na rialacha maidir le ballraíocht i gcomhlacht riaracháin, i gcomhlacht bainistíochta agus i gcomhlacht maoirseachta cuideachta, lena n-áirítear na rialacha maidir le dícháiliú stiúrthóirí agus maidir leis na húdaráis nó comhlachtaí atá freagrach as an bhfaisnéis faoi stiúrthóirí dícháilithe a choimeád;
(d)
achoimre ar chumhachtaí agus freagrachtaí chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistíochta agus chomhlacht maoirseachta chuideachta, lena n-áirítear údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i leith tríú páirtithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|