+Airteagal 13i Stiúrthóirí dícháilithe
---+Airteagal 13i 1.
---+Airteagal 13i 2.
---+Airteagal 13i 3.
---+Airteagal 13i 4.
---+Airteagal 13i 5.
---+Airteagal 13i 6.
---+Airteagal 13i 7.
|
Airteagal 13i Stiúrthóirí dícháilithe
Stiúrthóirí dícháilithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13i 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha acu maidir le dícháiliú stiúrthóirí. Sna rialacha sin, déantar foráil don fhéidearthacht aon dhícháiliú atá i bhfeidhm nó faisnéis ábhartha faoi dhícháiliú i mBallstát eile. Chun críche an Airteagail seo, áiritheofar ar na stiúrthóirí ar a laghad na daoine dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 14(d).
|
|
Airteagal 13i 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh daoine, a bhfuil iarratas á ndéanamh acu le bheith ina stiúrthóirí, a dhearbhú an bhfuil siad ar an eolas faoi aon imthosca a bhféadfadh dícháiliú a bheith mar thoradh orthu sa Bhallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit diúltú duine a cheapadh ina stiúrthóir ar chuideachta i gcás ina mbeidh an duine sin dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile.
|
|
Airteagal 13i 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo freagairt d’iarraidh ó Bhallstát eile ar fhaisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí faoi dhlí an Bhallstáit atá ag tabhairt freagra ar an iarraidh sin.
|
|
Airteagal 13i 4.
|
Chun freagairt d’iarraidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit ar a laghad na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir faisnéis a sholáthar gan mhoill maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil duine ar leith dícháilithe nó taifeadta in aon cheann dá gcláir, ina bhfuil faisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí, trí mheán an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a mhalartú freisin, amhail maidir leis an tréimhse agus na forais dícháilithe. Déanfar an malartú sin a rialáil leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 13i 5.
|
Déanfaidh an Coimisiúin socruithe mionsonraithe agus mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24.
|
|
Airteagal 13i 6.
|
Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 den Airteagal seo mutatis mutandis i gcás ina gcomhdóidh cuideachta faisnéis a bhaineann le ceapadh stiúrthóra nua sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16.
|
|
Airteagal 13i 7.
|
Déanfar sonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an dlí náisiúnta chun cur ar chumas an údaráis inniúil nó ar chumas an duine nó an chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach maidir le dícháiliú duine mar stiúrthóir d’fhonn iompar calaoiseach nó mí-úsáideach eile a chosc agus cosaint a áirithiú do gach duine a mbíonn baint acu le cuideachtaí nó brainsí. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na cláir dá dtagraítear in Airteagal 16, údaráis ná daoine nó comhlachtaí, atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne, na sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur chun críche an Airteagail seo a stóráil níos faide ná mar is gá agus in aon chás ní nach faide ná aon sonraí pearsanta a bhaineann le foirmiú cuideachta, clárú brainse nó comhdú ag cuideachta nó brainse.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|