|
+Airteagal 19 2. |
Airteagal 19 2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas ar fáil saor in aisce trí chóras idirnascadh na gclár:
(a)
ainm nó ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta;
(b)
oifig chláraithe na cuideachta agus an Ballstát ina bhfuil sí cláraithe;
(c)
uimhir chlárúcháin na cuideachta agus a EUID;
(d)
mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta i gcás ina mbeidh sonraí den sórt sin taifeadta sa chlár náisiúnta;
(e)
stádas na cuideachta, amhail an tráth a dhúntar í, an tráth a bhaintear den chlár í, an tráth a dhéantar í a fhoirceannadh, an tráth a dhéantar í a dhíscaoileadh, an tráth atá sí gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh sé taifeadta sna cláir náisiúnta;
(f)
cuspóir na cuideachta, i gcás ina mbeidh sé taifeadta sa chlár náisiúnta;
(g)
bunsonraí daoine, atá údaraithe ag an gcuideachta faoi láthair, cibé mar chomhlacht nó mar chomhaltaí d’aon chomhlacht den sórt sin, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla agus faisnéis i ndáil le cibé ar féidir leis na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta é sin a dhéanamh ina n-aonar nó an bhfuil sé de cheangal orthu gníomhú go comhpháirteach;
(h)
faisnéis faoi aon bhrainse arna oscailt ag an gcuideachta i mBallstát eile lena n-áirítear ainm, uimhir chlárúcháin, EUID agus an Ballstát ina bhfuil an brainse cláraithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|