|
+Airteagal 24 Gníomhartha cur chun feidhme |
Airteagal 24 Gníomhartha cur chun feidhmeAirteagal 24 Gníomhartha cur chun feidhme Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear modhanna na cumarsáide a dhéantar trí mheán leictreonach chun críche chóras idirnascadh na gclár;
(b)
an tsonraíocht theicniúil i dtaca leis na prótacail chumarsáide;
(c)
na bearta teicniúla lena n-áirithítear na híoschaighdeáin slándála i dteicneolaíocht na faisnéise a bhaineann le faisnéis a chur in iúl agus a dháileadh laistigh de chóras idirnascadh na gclár;
(d)
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna chun faisnéis a mhalartú idir clár na cuideachta agus clár an bhrainse dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a agus 34;
(e)
liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir, amhail dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a agus 34;
(ea)
liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir agus chun críche nochta, amhail dá dtagraítear in Airteagail 86g, 86n, 86p, 123, 127a,, 130, 160g, 160n, agus 160g;
(f)
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear struchtúr na formáide teicniúla ar mhaithe le faisnéis a mhalartú idir na cláir, an t-ardán agus an tairseach;
(g)
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear sraith na sonraí is gá le go bhfeidhmeoidh an t-ardán a bhfeidhmeanna, chomh maith le modh stóráil, úsáid agus cosaint na sonraí sin;
(h)
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear struchtúr agus úsáid an aitheantóra uathúil le haghaidh cumarsáid idir cláir;
(i)
an tsonraíocht lena sainítear modhanna teicniúla oibriú chóras idirnascadh na gclár ó thaobh dáileadh agus malartú faisnéise, agus an tsonraíocht lena sainítear na seirbhísí teicneolaíochta faisnéise a chuirtear ar fáil tríd an ardán, agus seachadadh na dteachtaireachtaí sa leagan teanga is ábhartha á áirithiú;
(j)
na critéir chomhchuibhithe don tseirbhís chuardaigh a chuirtear ar fáil leis an tairseach;
(k)
na rialacha mionsonraithe íocaíochta, agus áiseanna íocaíochta atá ar fáil, amhail íocaíochtaí ar líne, á gcur san áireamh;
(l)
sonraí faoi na lipéid mhíniúcháin ar a liostaítear sonraí agus cineálacha na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14;
(m)
na coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi chóras idirnascadh na gclár;
(n)
an nós imeachta agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leis na pointí rochtana roghnacha ar an ardán a nascadh dá dtagraítear in Airteagal 22;
(o)
na socruithe mionsonraithe agus na sonraí teicniúla a bhaineann leis na modhanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13i a mhalartú idir cláir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 164(2). Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh de bhun phointí (d), (e), (n) agus (o) faoin 1 Feabhra 2021. ►M3 ►C1 Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (ea) faoi 2 Iúil 2021. ◄ ◄ 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|