+Airteagal 49 Tuarascáil ó shaineolaithe ar chomaoin seachas in airgead tirim
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
|
Airteagal 49 Tuarascáil ó shaineolaithe ar chomaoin seachas in airgead tirim
Tuarascáil ó shaineolaithe ar chomaoin seachas in airgead tirim
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Saineolaí neamhspleách amháin nó níos mó, atá ceaptha nó formheasta ag údarás breithiúnach nó riaracháin, tarraingeoidh sé nó siad suas tuarascáil ar aon chomaoin seachas in airgead tirim sula ndéanfar an chuideachta a chorprú nó a údarú dul i mbun gnó i gcéaduair. Féadfaidh daoine nádúrtha mar aon le daoine, cuideachtaí nó gnólachtaí dlítheanacha a bheith sna saineolaithe sin faoi dhlíthe gach Ballstáit.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Beidh sa tuarascáil ó na saineolaithe dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, tuairisc ar gach ceann de na sócmhainní atá sa chomaoin chomh maith le tuairisc ar na modhanna luachála ar baineadh leas astu agus beidh ráite inti cibé arb ionann ar a laghad an uimhir agus an luach ainmniúil agus na luachanna ar thángthas orthu trí na modhanna sin a chur i bhfeidhm nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, arb ionann iad agus an parluach cuntasach, agus, i gcás inarb iomchuí, arb ionann iad agus an phréimh ar na scaireanna a bheidh le heisiúint dóibh.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Foilseofar an tuarascáil ó na saineolaithe ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gcás ina n-eisítear 90 % den luach ainmniúil de na scaireanna uile a eisíodh do chuideachta amháin nó níos mó chun comaoine seachas in airgead tirim, nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, den pharluach cuntasach, agus i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
(a)
maidir leis an gcuideachta a fuair an chomaoin sin, chomhaontaigh na daoine dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 4 an tuarascáil ó na saineolaithe a fhágáil ar lár;
(b)
foilsíodh comhaontú den sórt sin amhail dá bhforáiltear i mír 3;
(c)
tá cúlchistí ag na cuideachtaí a thugann an chomaoin sin nach féidir a dháileadh faoin dlí nó faoi na reachtanna agus atá ar a laghad cothrom leis an luach ainmniúil nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, le parluach cuntasach na scaireanna arna n-eisiúint chun comaoine seachas in airgead tirim;
(d)
ráthaíonn na cuideachtaí a thugann an chomaoin sin, suas le suim atá cothrom leis an tsuim a chuirtear in iúl i bpointe (c), fiacha na cuideachta is faighteoir a thagann chun cinn idir an tráth a eisítear na scaireanna chun comaoine seachas in airgead tirim agus bliain amháin i ndiaidh fhoilsiú chuntais bhliantúla na cuideachta sin don bhliain airgeadais ar tugadh comaoin den sórt sin lena linn. Toirmiscfear aon aistriú ar scaireanna den sórt sin laistigh den tréimhse sin;
(e)
foilsíodh an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) amhail dá bhforáiltear i mír 3; agus
(f)
cuirfidh na cuideachtaí a thugann an chomaoin sin suim atá cothrom leis an tsuim a chuirtear in iúl i bpointe (c) isteach i gcúlchiste nach féidir a dháileadh go ceann trí bliana tar éis fhoilsiú chuntais bhliantúla na cuideachta is faighteoir don bhliain airgeadais ar tugadh an chomaoin sin lena linn nó, más gá, go ceann dáta níos déanaí ar a mbeidh na héilimh go léir socraithe a cuireadh isteach le linn na tréimhse sin a bhaineann leis an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (d).
|
|
Airteagal 49 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le foirmiú cuideachta nua trí bhíthin cumaisc nó deighilte i gcás ina ndéanann saineolaí neamhspleách amháin nó níos mó tuarascáil maidir le dréacht-téarmaí an chumaisc nó na deighilte a tharraingt suas. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh siad a fhoráil go bhféadfaidh an saineolaí céanna nó na saineolaithe céanna an tuarascáil a tharraingítear suas faoi mhír 1 den Airteagal seo agus an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách amháin nó níos mó maidir le dréacht-théarmaí an chumaisc nó na deighilte a tharraingt suas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|