|
+Airteagal 86g 1. |
Airteagal 86g 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár an Bhallstát imeachta, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:
(a)
dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann; agus
(b)
fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh thuarascáil an tsaineolaí neamhspleách. Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|