|
+Airteagal 113 Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáil |
Airteagal 113 Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáilAirteagal 113 Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáil I gcás ina bhfuil cumasc á dhéanamh ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó de na scaireanna agus na hurrúis eile a thugann ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ach nach bhfuil na scaireanna go léir aici, ní éileoidh na Ballstáit go ndéanfar an cumasc a fhormheas ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 92 maidir leis an gcuideachta éadála mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú do chruinniú ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ar cruinniú é a gcinnfear na dréacht-téarmaí cumaisc lena linn;
(b)
mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a), tá scairshealbhóirí uile na cuideachta éadála i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta ar na doiciméid a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) agus, i gcás inarb infheidhme, pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 97(1);
(c)
tá feidhm ag pointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 94. Chun críocha phointe (b) den chéad mhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 97(2), (3) agus (4). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|