+Section 4 Acquisition of one company by another which holds 90 % or more of its shares
---+Airteagal 110 Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas uile atá ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil a scaireanna ar fad ina seilbh aici
---+Airteagal 111 Díolúine ón gceanglas maidir le formheas ag an gcruinniú ginearálta
---+Airteagal 112 Scaireanna atá i seilbh na cuideachta éadála nó thar ceann na cuideachta éadála
---+Airteagal 113 Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáil
---+Airteagal 114 Díolúine ó na ceanglais is infheidhme maidir le cumaisc trí éadáil
---+Airteagal 115 Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas go léir ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil 90 % nó níos mó dá scaireanna i seilbh aici nó acu

Section 4 Acquisition of one company by another which holds 90 % or more of its shares

Section 4 Acquisition of one company by another which holds 90 % or more of its shares

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 110 Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas uile atá ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil a scaireanna ar fad ina seilbh aici

Airteagal 110

Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas uile atá ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil a scaireanna ar fad ina seilbh aici

Déanfaidh na Ballstáit foráil, i ndáil le cuideachtaí atá faoi réir a ndlíthe, don oibríocht trína ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus a sócmhainní agus dliteanais a aistriú chuig cuideachta eile atá ina sealbhóir ar a scaireanna go léir agus ar n-urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta. Déanfar na hoibríochtaí sin a rialáil le forálacha Roinn 2 den Chaibidil seo. Mar sin féin, ní fhorchuirfidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 91(2), in Airteagal 95 agus in Airteagal 96, i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 97(1), i bpointe (b) d'Airteagal 105(1) agus in Airteagal 106 agus in Airteagal 107.

Airteagal 111 Díolúine ón gceanglas maidir le formheas ag an gcruinniú ginearálta

Airteagal 111

Díolúine ón gceanglas maidir le formheas ag an gcruinniú ginearálta

Ní chuirfidh na Ballstáit Airteagal 93 i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 110 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 92 i ndáil le gach cuideachta atá páirteach san oibríocht, mí amháin ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an oibríocht;

(b) 

mí amháin ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an oibríocht, tá scairshealbhóirí uile na cuideachta éadála i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta ar na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 97(1);

(c) 

tá feidhm ag pointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 94.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 97(2), (3) agus (4).

Airteagal 112 Scaireanna atá i seilbh na cuideachta éadála nó thar ceann na cuideachta éadála

Airteagal 112

Scaireanna atá i seilbh na cuideachta éadála nó thar ceann na cuideachta éadála

Féadfaidh na Ballstáit Airteagal 110 agus Airteagal 111 a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí trína ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus a sócmhainní agus dliteanais uile a aistriú chuig cuideachta eile, má tá na scaireanna agus na hurrúis eile go léir a shonraítear in Airteagal 110 de chuid na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil i seilbh na cuideachta éadála agus/nó daoine a bhfuil na scaireanna agus na hurrúis sin i seilbh acu faoina n-ainm féin ach thar ceann na cuideachta sin.

Airteagal 113 Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáil

Airteagal 113

Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáil

I gcás ina bhfuil cumasc á dhéanamh ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó de na scaireanna agus na hurrúis eile a thugann ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ach nach bhfuil na scaireanna go léir aici, ní éileoidh na Ballstáit go ndéanfar an cumasc a fhormheas ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 92 maidir leis an gcuideachta éadála mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú do chruinniú ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ar cruinniú é a gcinnfear na dréacht-téarmaí cumaisc lena linn;

(b) 

mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a), tá scairshealbhóirí uile na cuideachta éadála i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta ar na doiciméid a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) agus, i gcás inarb infheidhme, pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 97(1);

(c) 

tá feidhm ag pointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 94.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 97(2), (3) agus (4).

Airteagal 114 Díolúine ó na ceanglais is infheidhme maidir le cumaisc trí éadáil

Airteagal 114

Díolúine ó na ceanglais is infheidhme maidir le cumaisc trí éadáil

Ní fhorchuirfidh Ballstáit na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 95, in Airteagal 96 agus in Airteagal 97 i gcás cumasc de réir bhrí Airteagal 113 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

caithfidh scairshealbhóirí mionlaigh na cuideachta atá á fáil a bheith i dteideal go bhfaigheadh an chuideachta éadála a gcuid scaireanna;

(b) 

má fheidhmíonn siad an ceart sin, caithfidh siad a bheith i dteideal comaoin a fhreagraíonn do luach a gcuid scaireanna;

(c) 

I gcás easaontas maidir leis an gcomaoin sin, caithfidh gur féidir le cúirt nó le húdarás riaracháin arna ainmniú ag an mBallstát chun na críche sin luach na comaoine a chinneadh.

Ní gá do Bhallstát an chéad mhír a chur i bhfeidhm má tá an chuideachta éadála i dteideal, faoi dhlíthe an Bhallstáit sin, gan tairiscint táthcheangail phoiblí roimhe sin, ceangal ar shealbhóirí uile urrúis eile na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil na hurrúis sin a dhíol roimh an gcumasc ar phraghas cóir.

Airteagal 115 Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas go léir ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil 90 % nó níos mó dá scaireanna i seilbh aici nó acu

Airteagal 115

Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas go léir ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil 90 % nó níos mó dá scaireanna i seilbh aici nó acu

Féadfaidh na Ballstáit Airteagal 113 agus Airteagal 114 a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí trína ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus a sócmhainní agus dliteanais uile a aistriú chuig cuideachta eile má tá 90 % nó níos mó de na scaireanna agus de na hurrúis eile dá dtagraítear in Airteagal 113 de chuid na cuideachta atá a fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil i seilbh na cuideachta éadála sin agus/nó daoine a bhfuil na scaireanna agus na hurrúis sin ina seilbh acu faoina n-ainm féin ach thar ceann na cuideachta sin, ach nach bhfuil na scaireanna agus na hurrúis sin go léir ina seilbh acu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.