+Airteagal 123 Nochtadh
---+Airteagal 123 1.
---+Airteagal 123 2.
---+Airteagal 123 3.
---+Airteagal 123 4.
---+Airteagal 123 5.
---+Airteagal 123 6.
---+Airteagal 123 7.
|
Airteagal 123 Nochtadh
Nochtadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 123 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid a leanas a nocht an chuideachta agus a chur ar fáil go poiblí i gcláir Bhallstát gach cuideachta atá ag cumasc, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:
(a)
dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann; agus
(b)
fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá ag cumasc, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta lena mbaineann, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na tuarascála ó shaineolaí neamhspleách.
Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.
|
|
Airteagal 123 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí atá ag cumasc a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh na cuideachtaí sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh ghréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú agus atá comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
|
|
Airteagal 123 3.
|
I gcás ina gcuirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach sa chlár lena mbaineann tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:
(a)
maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá cumasc, a foirm dhlíthiúil agus a hainm agus suíomh a hoifige cláraithe agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe le haghaidh aon chuideachta nua-thionscanta agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe;
(b)
an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, agus uimhir chlárúcháin na cuideachta lena mbaineann sa chlár sin;
(c)
tásc, le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, de na socruithe arna ndéanamh chun cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;
(d)
mionsonraí an tsuímh gréasáin ónar féidir dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, an fógra dá dtagraítear i mír 1, agus an tuarascáil ón saineolaí agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.
Cuirfidh clár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 123 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chomhlíonadh go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil i mBallstáit na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
|
|
Airteagal 123 5.
|
I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála i gcomhréir le hAirteagal 126(3), déanfar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.
|
|
Airteagal 123 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, a cheangal go bhfoilseofar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán leictreonach lárnach.
|
|
Airteagal 123 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár. Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach rachaidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 6, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil an chostais as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|