+Airteagal 125 Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha
---+Airteagal 125 1.
---+Airteagal 125 2.
---+Airteagal 125 3.
---+Airteagal 125 4.
|
Airteagal 125 Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha
Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 125 1.
|
Déanfar tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha atá beartaithe do chomhaltaí a tharraingt suas agus cuirfear ar fáil í tráth nach lú ná mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 do gach cuideachta atá ag cumasc. Ag brath ar dhlí gach Ballstáit, d'fheadfadh sé gur daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bheadh sna saineolaithe sin. I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.
|
|
Airteagal 125 2.
|
Mar rogha mhalartach ar shaineolaithe a oibríonn thar ceann gach cinn de na cuideachtaí atá ag cumasc, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na saineolaithe neamhspleácha, arna cheapadh nó arna gceapadh chun na críche sin, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na cuideachtaí, ag údarás breithiúnach nó riaracháin sa Bhallstát ag ceann amháin de na cuideachtaí atá ag cumasc nó ag an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann nó a d'fhormheas údarás den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar na dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann agus tuarascáil scríofa amháin a tharraingt suas do na comhaltaí uile.
|
|
Airteagal 125 3.
|
Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cibé an bhfuil an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, tabharfaidh an saineolaí aird ar aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sna cuideachtaí atá ag cumasc roimh fhógairt an togra cumaisc nó luach na gcuideachtaí gan éifeacht an chumaisc atá beartaithe a bheith san áireamh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:
(a)
léiriú ar an modh nó ar na modhanna a úsáideadh chun an cúiteamh airgid arna mholadh a ríomh;
(b)
an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna arna mholadh a ríomh a léiriú;
(c)
a chur in iúl an leormhaith an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheasúnú, an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid a lua agus tuairim a thabhairt ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach a cinneadh a ríomh, agus sa chás gur úsáideadh modhanna difriúla i gcumasc na gcuideachtaí, chomh maith leis an méid sin, a lua an raibh údar le modhanna difriúla a úsáid; agus
(d)
cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn.
Beidh na saineolaí i dteideal an fhaisnéis uile is gá a fháil ó na cuideachtaí atá ag cumasc chun dualgais an tsaineolaí a urscaoileadh.
|
|
Airteagal 125 4.
|
Ní cheanglófar scrúdú ar na dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann ná tuarascáil ó shaineolaithe má chomhaontaigh na sealbhóirí uile agus sealbhóirí urrús eile lena dtugtar ceart vótála de chuid gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa chumasc déanamh amhlaidh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ón Airteagail seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|