|
+Airteagal 125 3. |
Airteagal 125 3.Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cibé an bhfuil an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, tabharfaidh an saineolaí aird ar aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sna cuideachtaí atá ag cumasc roimh fhógairt an togra cumaisc nó luach na gcuideachtaí gan éifeacht an chumaisc atá beartaithe a bheith san áireamh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:
(a)
léiriú ar an modh nó ar na modhanna a úsáideadh chun an cúiteamh airgid arna mholadh a ríomh;
(b)
an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna arna mholadh a ríomh a léiriú;
(c)
a chur in iúl an leormhaith an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheasúnú, an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid a lua agus tuairim a thabhairt ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach a cinneadh a ríomh, agus sa chás gur úsáideadh modhanna difriúla i gcumasc na gcuideachtaí, chomh maith leis an méid sin, a lua an raibh údar le modhanna difriúla a úsáid; agus
(d)
cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn. Beidh na saineolaí i dteideal an fhaisnéis uile is gá a fháil ó na cuideachtaí atá ag cumasc chun dualgais an tsaineolaí a urscaoileadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|