|
+Airteagal 127 7. |
Airteagal 127 7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá ag cumasc an cumasc trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:
(a)
i gcás ina gcinnfear go gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc;
(b)
i gcás ina gcinnfear nach gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|