+Airteagal 127 Deimhniú réamhchumaisc
---+Airteagal 127 1.
---+Airteagal 127 2.
---+Airteagal 127 3.
---+Airteagal 127 4.
---+Airteagal 127 5.
---+Airteagal 127 6.
---+Airteagal 127 7.
---+Airteagal 127 8.
---+Airteagal 127 9.
---+Airteagal 127 10.
---+Airteagal 127 11.
---+Airteagal 127 12.
|
Airteagal 127 Deimhniú réamhchumaisc
Deimhniú réamhchumaisc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 127 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cumasc trasteorann maidir leis na codanna sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc agus chun deimhniú réamhchumaisc a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí i mBallstát an chuideachta atá ag cumasc (“an t‐údarás inniúil”). Féadfar sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid agus neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí nó comhlíonadh ceanglas sonrach earnálach, lena n‐áirítear oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.
|
|
Airteagal 127 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá ag cumasc ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil:
(a)
na dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann;
(b)
an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 124, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
(c)
aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 123(1); agus
(d)
faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k.
|
|
Airteagal 127 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil ón gcuideachta atá ag cumasc, amhail an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
ar an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann a tharraingt suas;
(b)
fochuideachtaí a bheith ann agus a suíomhanna geografacha faoi seach;
(c)
faisnéis maidir le hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí arna sásamh ag an gcuideachta atá ag cumasc.
Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthrófar í ag an gcuideachta atá ag cumasc, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.
|
|
Airteagal 127 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá do hiarratasóirí a theacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
|
|
Airteagal 127 5.
|
Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 133, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc go n‐áirítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéantar na socruithe ábhartha a chinntiú agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.
|
|
Airteagal 127 6.
|
Mar chuid den ghrinnscrúdú ar an dlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an méid seo a leanas:
(a)
na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;
(b)
tásc ó na cuideachtaí atá ag cumasc go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 133(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 127 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá ag cumasc an cumasc trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:
(a)
i gcás ina gcinnfear go gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc;
(b)
i gcás ina gcinnfear nach gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.
|
|
Airteagal 127 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc a eisiúint, nuair a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun cumasc trasteorann arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur ann dó chun críocha coiriúla.
|
|
Airteagal 127 9.
|
I gcás, tríd an ngrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an cumasc trasteorann, arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur chun críocha coiriúla atá sé, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n‐aonar, tosca táscacha a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.
|
|
Airteagal 127 10.
|
I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.
|
|
Airteagal 127 11.
|
I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 de bharr chastacht nós imeachta an chumaisc trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh an spriocdháta sin in éag.
|
|
Airteagal 127 12.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an cumasc trasteorann, lena n‐áirítear iad sin de chuid Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá ag cumasc atá riachtanach chun an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chumaisc trasteorann a chur i gcrích, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|