|
+Airteagal 143 1. |
Airteagal 143 1.Beidh na scairshealbhóirí uile i dteideal na doiciméid seo a leanas ar a laghad a scrúdú ag an oifig chláraithe mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta a mbeidh na dréacht-téarmaí deighilte le cinneadh lena linn:
(a)
na dréacht-téarmaí deighilte;
(b)
cuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt do na trí bliana airgeadais roimhe sin;
(c)
i gcás inarb infheidhme, ráiteas cuntasaíochta arna tharraingt suas ar dháta nach luaithe ná an chéad lá den tríú mí roimh dháta na ndréacht-téarmaí deighilte, má bhaineann na cuntais airgeadais is déanaí le bliain airgeadais a raibh deireadh léi níos mó ná sé mhí roimh an dáta sin;
(d)
i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha chomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt, dá bhforáiltear in Airteagal 141(1);
(e)
i gcás inarb infheidhme, na tuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 142. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, ní cheanglófar ráiteas cuntasaíochta a bheith ann má fhoilsíonn an chuideachta tuarascáil leathbhliantúil airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2004/109/CE agus má chuireann sí ar fáil do na scairshealbhóirí i gcomhréir leis an mír seo í. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|