|
+Airteagal 153 1. |
Airteagal 153 1.I ndlíthe na mBallstát, féadfar rialacha maidir le neamhniú a leagan síos le haghaidh deighiltí i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas, agus leo seo amháin:
(a)
ní mór neamhniú a ordú i mbreithiúnas ó chúirt;
(b)
deighiltí ar ghabh éifeacht leo de bhun Airteagal 149, dearbhaítear go bhfuil siad ar neamhní mura ndearnadh aon mhaoirseacht choisctheach riaracháin nó bhreithiúnach ar a ndlíthiúlacht, agus sna cásanna sin amháin, nó murar tarraingíodh suas iad agus murar deimhníodh iad i bhfoirm chuí dlí, nó má léirítear go bhfuil cinneadh an chruinnithe ghinearálta ar neamhní nó in-neamhnithe faoin dlí náisiúnta;
(c)
ní dhéantar imeachtaí neamhnithe a thionscnamh breis agus sé mhí tar éis an dáta a ngabhann éifeacht leis an deighilt amhail i gcoinne an duine a líomhnaíonn neamhniú nó má cuireadh an staid ina ceart;
(d)
i gcás inar féidir locht a leigheas chun deighilt a chur ar neamhní, deonaíonn an chúirt inniúil tréimhse ama do na cuideachtaí lena mbaineann chun an staid a chur ina ceart;
(e)
foilsítear breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil deighilt ar neamhní ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16;
(f)
i gcás ina gceadaítear do Bhallstát agóid a dhéanamh i gcoinne breithiúnas den sórt sin, ní dhéanann sé amhlaidh ach amháin laistigh de shé mhí ó fhoilsiú an bhreithiúnais ar an mbealach a fhorordaítear le Caibidil III de Theideal I;
(g)
le breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil deighilt ar neamhní, ní dhéantar difear do bhailíocht oibleagáidí atá ar na cuideachtaí is faighteoir nó do bhailíocht oibleagáidí i ndáil leo a d'eascair sular foilsíodh an breithiúnas agus tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 149;
(h)
tá gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i leith a oibleagáidí a eascraíonn tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an deighilt agus roimh an dáta ar foilsíodh an cinneadh lena bhfógraítear an neamhní ar an deighilt. Beidh an chuideachta atá á deighilt faoi dhliteanas i leith oibleagáidí den sórt sin, freisin; Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an dliteanas sin teoranta do scair na nglansócmhainní a aistrítear chuig an gcuideachta is faighteoir ar eascair na hoibleagáidí sin ar a cuntas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|