+Airteagal 4 Srianta ar allmhairiú
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
|
Airteagal 4 Srianta ar allmhairiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Toirmiscfear allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascán mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear dramhaíl mhearcair ó fhoinsí móra dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 11, le haghaidh úsáidí eile seachas diúscairt mar dhramhaíl. Ní cheadófar allmhairiú do dhiúscairt den sórt sin mar dhramhaíl ach amháin i gcás nach bhfuil aon rochtain ag an tír onnmhairithe ar an acmhainn comhshó atá laistigh dá chríoch féin. Gan dochar d'Airteagal 11 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den Airteagal seo, déanfar allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascain mhearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh úsáid a cheadaítear i mBallstát a cheadú i gcás ina mbeidh a thoiliú i scríbhinn tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don allmhairiú i gceachtar de na himthosca seo a leanas:
(a)
tá an tír onnmhairithe ina Pháirtí sa Choinbhinsiún agus ní eascraíonn mearcair onnmhairithe ó mhianadóireacht phríomha mearcair mar a thoirmisctear faoi Airteagal 3(3) agus (4), den Choinbhinsiún sin; nó
(b)
thug an tír onnmhairithe nach bhfuil ina Páirtí don Choinbhinsiún deimhniú nach n-eascraíonn mearcair ó mhianadóireacht phríomha mearcair.
Gan dochar d'aon bearta náisiúnta a ghlactar i gcomhréir le CFAE, measfar úsáid a cheadaítear de bhun reachtaíocht an Aontais a bheith ina húsáid a cheadaítear i mBallstát chun críocha na míre seo.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Toirmiscfear allmhairiú meascán mearcair nach dtagann faoi mhír 1 agus allmhairiú comhdhúl mearcair chun críche mearcair a aisghabháil.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Toirmiscfear allmhairiú mearcair lena úsáid i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála.
|
|
Airteagal 4 4.
|
I gcás ina gceadófar dramhaíl mhearcair i gcomhréir leis an Airteagal seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 d'fheidhm a bheith aige de bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|